Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios ag gach duine sa tír faoin jab atá á dhéanamh ag An Garda Síochána le blianta anuas. Aontaím go mór go dtugann an fórsa cabhair agus cosaintí do mhuintir na tíre an t-am ar fad. Labhair an Teachta faoi chomhaontú nua Pháirc an Chrócaigh agus na díospóireachtaí atá ar siúl faoi láthair ag na ceardchumainn ag éirí as an pháipéar a chuir an coimisiún os a gcomhair. Tá fios maith ag an Teachta go bhfuil sé curtha san áireamh go gcaithfidh iad siúd atá ar na tuarastail is mó agus atá na háiseanna is fearr acu an méid is mó a íoc. Ní hamháin go bhfuil sé seo deacair do gardaí, tá sé deacair do chuile duine atá ag obair sa tír, go háirithe iad siúd a dhírítear orthu leis an cainteanna seo, na banaltraí, múinteoirí agus chuile duine eile a thugann seirbhísí sonracha do mhuintir na hÉireann.

Ní cóir don Teachta díriú isteach ar phointe amháín anseo, mar is ábhar an-leathan ar fad atá i gceist. Le linn na díospóireachtaí agus iad ar siúl, cuireadh ceist orm go minic faoi cén fáth nach raibh comhrá ar siúl leis an GRA, na cigirí agus cumann na sáirsintí. Tá a fhios ag an Teachta cén chaoi atá an scéal le blianta anuas agus go ndeirtear gur ceart go mbeadh An Garda Síochána agus na hargóintí agus na díospóireachtaí atá le déanamh acu páirteach sna díospóireachtaí. Ach ní ceardcumann iad baill An Garda Síochána. Ag an am céanna, le blianta anuas bhí cead ag gardaí, cigirí agus cumann na sáirsintí a gcuid tuairimí a phlé agus a nochtadh.

Maidir leis na díospóireachtaí atá thart, chuir na ceardchumainn a d'fhan istigh sna comhráití béim ar chúrsaí bainistíochta agus íocaíochtaí deireadh seachtaine, go mórmhór ar an Satharn agus an Domhnach. Ag éirí as na díospóireachtaí sin, níor ghlacadh leis an moladh a chuir taobh na bainistíochta ar an mbord agus laghdaíodh an gearradh siar a bhí i gceist. Tá na cainteanna ar siúl agus na téarmaí á iniúchadh ag an ceardchumainn agus déanfaidh siadsan suas a n-aigne go luath. Má ghlactar leis an comhairle agus leis an páipéar ón gcoimisiún, beidh na téarmaí sin i gceist do gach éinne thar an seirbhís poiblí ar fad.

Tá an Teachta ag caint faoi gardaí amháin agus ag díriú isteach ar na gearrthacha siar ar phá atá i gceist, ach caithfear breathnú ar an scéal ar fad ina iomlán. Mar atá a fhios aige freisin, le blianta anuas, tá áiseanna á dhíriú ar agus á iarraidh ag gardaí chun go mbeidh siad in ann a gcuid jabanna a dhéanamh. Mar shampla, sin an fáth gur cuireadh €5 milliún breise ar fáil i mbliana le haghaidh carranna agus áiseanna. Tá a fhios agam go maith cé chomh cruinn agus atá an t-eolas atá ag An Garda Síochána agus an PSNI faoi iad siúd atá ag iarraidh ár dtír a thabhairt thar nais go dtí am na Trioblóide, ach tá súil agam nach dtarlóidh sin.

Tá na ceardchumainn ag plé an chomhaontuithe faoi láthair agus déanfaidh siad suas a n-aigne go luath. Tá súil agam go nglacfaidh siad leis an bpáipéar ón gcoimisiún i dtreo agus go mbeimid in ann déileáil leis na fadhbanna caiteachais poiblí a bhí os ár gcomhair nuair a thángamar isteach in oifig dhá bhliain ó shin an tseachtain seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.