Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:40 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá cúig nithe luaite ag an Teachta. Beidh tuarascáil le fáil faoin obair leanúnach atá ar siúl i dtaobh an ospidéal nua. Má chuireann an Teachta ceist ar an Aire, tabharfaidh sé freagra dó.

Tá Bille i dtaobh na leanaí ó na náisiúin nua foilsithe le fada. Ní dóigh liom go bhfuil sé oiriúnach don lá atá inniu ann. Táthar ag smaoineamh ar an mBille sin a athfhoilsiú agus leasú a chur leis. Cuirfidh mé scéal chuig an Teachta faoi sin fresin.

Níl sé i gceist go mbeidh reifreann ann faoi ardú riaracháin. Bhí sé luaite sa chlár Rialtas nach rabhamar in ann é sin a dhéanamh. Níl sé i gceist go mbeidh reifreann ann.

Tá obair ar chinnlínte an Bhille um aitheantas inscne ar siúl ag an bpointe seo. Níor tháinig siad chuig an Rialtas go fóill. Sílim go mbeidh an reachtaíocht foilsithe roimh deireadh na bliana.

Níl a fhios agam céard go díreach a dúirt an tAire faoi na míniúcháin agus na teidil a fhoilsiú as Gaeilge ag an am céanna. Breathnóidh mé ar an méid atá ráite ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.