Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Sula labhraím faoi roinnt reachtaíocht atá fógraithe, ba mhaith liom aird an Taoisigh a tharraingt ar rud a luadh anuraidh. Nuair a bhíomar ag gearán nach mbíonn reachtaíocht foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna, dúirt an tAire, an Teachta Burton, go ndéanfadh an Rialtas smaoineamh ar na meamraim míniúcháin, ar a laghad, a fhoilsiú as Gaeilge ag an am céanna. Dá mbeadh an meamram, seachas an Bille, ar fáil trí mheán na Gaeilge, cabhródh sé le Teachtaí ar an taobh seo cur le díospóireachtaí i nGaeilge. Ba mhaith an rud é freisin na teidil a fhoilsiú as Gaeilge sa phlean reachtaíochta, ionas go mbeadh sé níos éasca dúinn ceisteanna a chur as Gaeilge.

Tá sé fógartha ag an Rialtas go bhfoilseofar an Bille um aitheantas inscne - the gender recognition Bill - i mbliana. Measaim go raibh sé i gceist ag an Aire, an Teachta Burton, an Bille a fhoilsiú roimh na Cásca. An bhfuil sé sin fós le tarlú?

Tuigim gur fhógair Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le linn toghchán na bliana 2011 go ndéanfar reachtaíocht chun déileáil le achoimrí cíosanna a théann in airde amháin, nó upward-only rent reviews. Fuair Páirtí an Lucht Oibre comhairle ón Ard-Aighne gur féidir é seo a dhéanamh, ach fuair an Rialtas comhairle nár féidir é a dhéanamh toisc go mbeadh sé míbhunreachtúil. Is cosúil go mbeidh reafrainn againn i mí Deireadh Fómhair. An féidir déileáil leis an gceist seo, atá ag cur stop ar an Rialtas, ag an am céanna? An féidir an Bunreacht a athrú ionas go mbeidh an Rialtas in ann an reachtaíocht seo a thógaint isteach?

D'iarr mé cúpla seachtain ó shin cathain an mbeidh an reachtaíocht os ár gcomhair atá ag teastáil chun ospidéal náisiúnta na leanaí nua a thógáil. An bhfuil aon dul chun cinn déanta sa chomhthéacs sin? Táimid ag tnúth le reachtaíocht chun bord nua - national paediatric hospital development board - a bhunú. Níl a fhios againn cén uair i mbliana a bheidh an reachtaíocht sin os ár gcomhair. Tá fógra curtha amach faoin ospidéal nua, ach níl an reachtaíocht ann faoi láthair chun bord a chur i gceannas ar an project.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.