Dáil debates
Wednesday, 6 March 2013
Order of Business
11:30 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Caithfear déileáil leis an gceist seo ag éirí as an mbreithiúnas Ard Chúirte le blianta anuas. Tá sé i gceist againn reachtaíocht a thabhairt isteach chun an córas dlíthiúil atá anseo - an Dunne judgment - a réiteach. Foilseofar an Bille sin sa seisiún seo. Ní rud nua é seo. Nuair a bhí mé mar chomhairleoir ar údarás áitiúil na blianta fada ó shin, i mbeagán cásanna nuair nach raibh aon iarracht á dhéanamh an t-airgead a íoc thar n-ais, tógadh an teach ón duine agus bhí teach eile le tabhairt dóibh. Ní miste liom go mbainfí teach as duine ar bith. Caithfear an dlí a réiteach de réir an mbreithiúnas Ard Chúirte. Tá sé ráite ag na bainc nár mhiste leo teach ar bith a thógáil as duine ar bith. Tá sé i gceist againn go mbeidh an próiseas soiléir agus féaráilte. Ní cheart go mbeadh banc ar bith in ann teacht anuas an bóthar agus a rá "táimid chun an teach seo a thógáil uait" gan próiseas soiléir agus féaráilte a leanúint. Caithfidh an Rialtas glacadh leis an mbreithiúnas Ard Chúirte ina leith seo. Foilseofar an Bille sin go luath.
No comments