Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

11:20 am

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Tá sé ráite le seachtain anuas i cuid mhaith de na meáin cumarsáide go bhfuil an Rialtas chun reachtaíocht a thabhairt chun cinn chun cumhacht níos leithne a thabhairt do na bainc agus institiúdí morgáistí tithe a thógaint ó teaghlaigh atá i dtrioblóid le aisíoc morgaístí. Mar is eol don Taoiseach, chuir an tArd Chúirt cosc ar na bainc daoine a dhíbirt as a dtithe má tógadh na cásanna cúirte i ndiaidh 1 Nollaig 2009.

An bhfuil an reachtaíocht seo le tabhairt chun cinn? An bhfuil sé seo i gceist mar réiteach ar an gcruachás ina bhfuil gnáthdhaoine de bharr polasaithe tubaisteacha déine an Rialtais? An bhfuil an Rialtas chun reachtaíocht den tsaghas seo a thabhairt chun cinn, seachas na fiacha agus na aisíocaíochtaí a laghdú, chun cumhacht a thabhairt do na bainc daoine a chaitheamh amach as a dtithe? An bhfuil sé fíor go bhfuil an reachtaíocht seo ag teacht?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.