Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Topical Issue Debate

Seirbhísí Farrantóireachta

3:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Bhí na tairiscintí le bheith istigh ar an 21 Nollaig, sé seachtain beagnach, sula raibh an conradh rite. Táim cinnte nach bhfuil an Teachta ag súil go mbeidh achainí den teorainn fá choinne é seo a shocrú. Tá €5.9 milliún chun é a dhéanamh.

Maidir le tairiscint a chur amach leis an trí oileán le chéile, tuigim go raibh sé mar sin ag uair amháin, go raibh an trí oileán le chéile, go raibh pacáiste ann. Níl a fhios agam an raibh an Teachta féin sa Roinn ag an am nó Aire éigin eile nuair a cuireadh deireadh leis an nós sin agus nuair a briseadh síos na hoileáin agus sin an fáth go bhfuil Inis Meáin agus Inis Oírr leo féin agus oileán Árann leis féin.

Nílimid ag déanamh neamhaird do na hoileán. Tá an t-airgead céanna ar fáil i mbliana agus a bhí ar fáil anuraidh - €5.9 milliún. Tá mé ag déanamh mo dhíchill na seirbhísí a choinneáil chomh maith agus is féidir, na seirbhísí aeir san áireamh. Tá trí eitilt in aghaidh an lae ag dul isteach go hÁrainn, dhá eitilt in aghaidh an lae ag dul go hInis Meáin, dhá eitilt in aghaidh an lae ag dul go hInis Oírr. Tá fonn orm mar Aire Stáit na seirbhísí cuimsitheacha sin a choinneáil. Mar a dúirt mé, áfach, caithfidh mé gníomhú taobh istigh de na laincisí airgid atá orm. Tá an oiread eolais ar an Teachta ar na laincisí airgid sin. An fáth go bhfuil na laincisí airgead orm, bhí sé féin ansin nuair a cruthaíodh an fhadhb. Tá súil agam go dtuigeann sé sin.

Mar fhocal scoir, tá an doras oscailte agus tá oifigigh sa Roinn ag a bhfuil taithí, eolas agus cleachtadh acu ag plé leis an cúrsaí seo ar son na n-oileánach. Tá an Roinn ar fáil agus déanfaimid ár ndícheall chomh réasúnta agus is féidir an fhadhb seo a réiteach. Ní thig linn míorúilt a dhéanamh. Caithfimid uilig a bheith réasúnta ar an dá thaobh. Tá dá thaobh ar gach scéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.