Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
1:55 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Níl mé chun moill a chur ar an díospóireacht. Tá an cheist seo ag déanamh tinneas dom le blianta. Ba mhaith liom ceist shimplí a cur ar an Aire Stáit. Tá dream nua ag obair i measc foireann an Oireachtais le déanaí. Is féidir iad a fheiscint timpeall na háite. Tá mé tar éis labhairt le cuid acu agus is daoine maithe iad. Glacaim leis gur daoine maithe iad siúd nach bhfuil mé tar éis labhairt leo go fóill. Níl cumas sa Ghaeilge acu ar fad. Cé mhéid duine eile a bheidh á n-earcú ag an gcoimisiún amach anseo nach mbeidh sé ar a gcumas acu déileáil - fiú ar an mbunleibhéal - le Chomhaltaí nó leis an bpobal trí mheán na Gaeilge?
Sin an fáth go bhfuil mé ag triall impí ar an Státchóras gur chóir athrú meoin a bheith ann ionas nuair a bheadh sé ag roghnú daoine a bheith ag deileáil leis an phobal, go mbeadh caighdeán líofacht níos fearr Gaeilge acu gur féidir linn deileáil leo ag an bhunleibhéal. Nílim a rá gur chóir go mbeadh saineolas nó líofacht iomlán ag gach uile duine sa Státchóras ó thaobh na Gaeilge de, nílim chomh míréadúil sin. Táim a rá go gcaithfimid tosú ag pointe éigin agus is maith an rud go bhfuil an méid a luaigh an tAire Stáit ansin maidir le Gaelchultúr agus Foras na Gaeilge ó d’imigh Gaeleagras mar bhí teip ar an Stát ó thaobh státseirbhísigh de.
Má tá mé ag impí aon rud ar an Aire Stáit sé gur ceart aon deis atá ar fáil do státseirbhísigh atá ag obair anseo, ba chóir go mbeadh sé ar fáil d’fhoireann nach státseirbhísigh iad atá ar conradh sna Tithe chomh maith. Tá a lán foirne ag obair mar chúntóirí parlaiminte ag na páirtithe ag a mbeadh spéis leas a bhaint as cúrsaí Gaeilge a bheadh ar fáil do státseirbhísigh atá faoi réim an choimisiúin.
No comments