Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní miste a nótáil go mbíonn cáilíocht Ghaeilge d'ardchaighdeán ag teastáil chun post a fháil le Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Aithním an gá atá le cláir feasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun go mbeidh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann feidhmiú go héifeachtach i nGaeilge agus seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh. Tá sé ráite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go gceapfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí chun cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí. Mar thaca leo sin, déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeán-bhunaithe neamhspleách d’inniúlacht Gaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat-oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Mar a tharlaíonn sé, tá comhráití maidir leis an sprioc seo ar siúl idir oifigigh mo Roinne agus a gcuid comhghleacaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i láthair na huaire. Tá socruithe á ndéanamh chun gurb í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh freagrach as oiliúint agus trialacha inniúlachta Gaeilge a eagrú don Státseirbhís feasta. Is dul chun cinn suntasach é sin.

Ní miste dom a lua go bhfuil conradh trí bliana aontaithe ag Foras na Gaeilge leis an chomhlacht Gaelchultúr chun raon de chúrsaí oiliúna a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí. Mairfidh an conradh seo go dtí deireadh 2014. Anuas ar seo, tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an "scéim teanga" mar an lár-ionstraim trína sholáthrófar seirbhísí dátheangacha sa tseirbhís phoiblí. Tá sé mar sprioc sa straitéis 20 bliain chomh maith go sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíochtaí a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Tá mé sásta, agus na pointí sin uilig san áireamh, go bhfuil socruithe fiúntacha idir lámha chun cumas na Gaeilge a láidriú sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, Coimisiún Thithe an Oireachtais san áireamh. Mar sin, níl sé ar intinn agam glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.