Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

1:45 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

An freagra atá agam ar sin ná go bhfuil praiseach againn agus go bhfuil mé ag iarraidh í a chur ina gceart. Nílim chun a rá sa Teach cé is cúis leis an phraiseach agus leis an oidreacht a tugadh domsa - dhá chaighdeán agus dhá dream ag déileáil leis an Ghaeilge. Ní tharlódh sé fiú amháin sa Rúis féin an lá is measa a bhí siad.

Caithfidh mé é seo a rá. Sílim gurb iad na heagrais atá luaite ag na Teachtaí ina leasuithe na cineálacha eagras a bheidh i gceist cuidiú a thabhairt agus páirt a ghlacadh sa phróiseas, de bharr an t-aineolas atá acu ar réimse na Gaeilge. Tá sé rí-thábhachtach mar sin féin, go mbeidh discréid ag an coimisiún maidir le cinntí éagsúla a bheidh le glacadh aige. Má ghlactar leis na leasuithe seo, ní bheidh an discréid ag an coimisiún maidir le comhdhéanamh coiste a bheidh le ceapadh aige chun tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán Oifigiúil. Ní creidim gur cur chuige ceart na moltaí seo.

Luaigh Teachta an Ard-Aighne níos luaithe anseo sa díospóireacht ar maidin. Is fiú a nótáil go bhfuil an cur chuige seo ag teacht le dearcadh an Ard-Aighne nach ceart go mbeadh príomh reachtaíocht ró-shonrach agus go mbeadh an cur chuige fágtha ag an coimisiún agus ag Rannóg an Aistriúcháin. Daoine maithe iad na daoine atá luaite agus bhí daoine breátha ar an choiste stiúrtha. Tá go leor daoine ar fud na tíre, buíochas do Dhia, atá cáilithe leis an obair a dhéanamh. Tá siad sna h-ollscoileanna agus in institiúdí tríú leibhéal. Casadh orm iad, daoine atá ag déanamh dochtúireacht sa Ghaeilge agus sa teanga. Tá go leor acu ann. Ba chóir go mbeadh solúbthacht le seo agus nuair a bheidh an coiste le bunú, beidh teacht ar dhaoine a bhfuil taithí, eolas agus cáilíochtaí acu. Tá go leor acu ann. Nílim ag rá nach bfhuil siad sna heagrais atá luaite, agus tá daoine taobh amuigh de na heagrais sin nach bhfuil luaite ar chor ar bith.

Tá sé furasta go leor ag duine ar bith coiste den chéad scoth a chur ar bun. Rinne an Teachta Ó Cuív féin é leis an coiste stiúrtha. Is féidir é a dhéanamh arís. Nílimid chun an rotha a athchruthú anseo. Tá daoine go leor ar fud na tire, sna h-ollscoileanna agus sna h-acadaimh a bheidh ábalta an obair a dhéanamh. Ní míorúilt ar bith a bheidh ann daoine a phiocadh amach. Mar adúirt mé, nílimid ag iarraidh ceangal na gcúig gcaol a chur ar éinne, ach go mbeidh an solúbthacht sin acu. Táimid ag iarraidh daoine cearta a chur air. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.