Dáil debates
Thursday, 31 January 2013
Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages
12:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Mar a dúirt mé, chuir an reachtaíocht go léir a tógadh isteach le blianta fada - ó tháinig mise isteach sa Teach seo agus is dócha ó tháinig na Teachtaí isteach chomh maith - leis an gCaighdeán Oifigiúl. Níor chuala mé go raibh aon deacracht d'aon chineál leis sin san am a chuaigh thart. Tá mé cinnte nach bhfuil an Teachta Ó Cuív ag cruthú deacrachtaí. Chomh fada agus is eol dom, níor tharla sé san am atá caite.
No comments