Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá sé an-spéisiúil breathnú ar an mbrollach atá san fhoclóir nua. Taispeánann sé go bhfuil difríochtaí beaga - mar a dúirt an tAire Stáit, ní difríochtaí an-mhór iad - idir an méid atá san fhoclóir nua agus an caighdeán atá curtha le chéile ag Rannóg an Aistriúcháin. Tá difríochtaí idir an dá cháipéis. Chuaigh NEID leis an dréacht-chaighdeán a bhí réitithe ag an gcoiste, rud a dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin, mar bhíodar páirteach ann. Tá na difríochtaí seo ann. Cuirfidh mé ceist an-díreach agus an-simplí ar an Aire Stáit. Tá sé tar éis an focal "bunaithe" a úsáid mar théarma. Aontaím leis gur cheart go mbeadh sé bunaithe ar an gcaighdéan. Is é sin an fáth gur chuir mé na focail "mar threoir" isteach sa leasú. Ar lorg an tAire Stáit comhairle ón Ard-Aighne faoi ar bhféadfadh duine cás cúirte a thógáil - nó a ghruachtáil, b'fhéidir - sa chás nach raibh an t-aistriúcháin ag teacht go hiomlán leis an gCaighdeán Oifigiúil mar atá leagtha síos sa Bhille seo? An bhfuair an tAire Stáit a leithéid de chomhairle?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.