Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím nach bhfuil aon spás d'éiginnteacht nó débhríocht nuair atá reachtaíocht á n-aistriú ó theanga oifigiúil amháin go dtí teanga oifigiúil eile. Baineann tábhacht ar leith leis seo i gcás na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn ach freisin san Aontas Eorpach, áit ina bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre. Agus é sin ráite, tá raon leathan roghanna curtha san áireamh sa Chaighdeán Oifigiúil, a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin anuraidh. Measaim gur leor na roghanna sin fá choinne foclaíocht cruinn a bheith in aon reachtaíocht a dhéantar amach anseo. Ní trí thimpiste atá alt 2 dréachtaithe mar atá sé. Ciallaíonn an cur chuige atá beartaithe gurb é an Caighdeán Oifigiúil amháin a bheidh inghlactha chun críche reachtaíochta. Laghdóidh an cur chuige seo an seans go mbeidh Achtanna an Oireachtais nó reachtaíocht tánaisteach débhríoch. Mar a dúirt mé, tá roghanna sa chaighdeán. Tá gach píosa reachtaíochta atá aistrithe ó 1958 ar aghaidh bunaithe ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.