Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fáth gur luaigh me iad sin mar nach raibh Céim an Choiste ceart againn ag an gCéim sin. Ní ar duine amháin atá an locht faoi sin, baineann cuid den locht linne, cuid leis an Aire Stáit agus cuid leis an gCathaoirleach a bhí againn ar an lá. Ní raibh aon deifir leis an reachtaíocht. Ghlac muid leis ag an am go mbeadh muid ag teacht ar ais anseo i gceann míosa nó níos mó agus go mbeadh muid in ann breis taighde a dhéanamh. Ní raibh dóthain ama agam sa coicís nó níos lú atá caite ó bhí Céim an Choiste againn chun dul go domhain isteach sna ceisteanna a ardaíodh ansin inar chuir mé spéis. Sin an fáth go bhfuil spéis agam sa cheist atá ardaithe ag an Teachta Ó Cuív. Sa Fhrainc, mar shampla, táthar an-dáiríre mar gheall ar an chaighdeán oifigiúil atá acu agus tá an-chosaint á dhéanamh acu air.

Tá raic mór le tamall de bhlianta maidir le la ministrele ministre. Tá sé sin tábhachtach ó thaobh inscne de. Níor bhain an raic sin le reachtaíocht. Dúirt duine i bParlaimint na Fraince gur úsáideadh an inscne mícheart. Tá sé tábhachtach, go háirithe nuair atá an dlí i gceist, go bhfuil úsáid na teanga go hiomlán beacht. Tharla cásanna thar na blianta ina raibh reachtaíocht neamhbheacht. Ba chóir go mbeadh reachtaíocht dréachtaithe de réir an chaighdeáin. Conas is féidir linn a chinntiú anois, agus caighdeán nua againn, go bhfuil gach rud a tháinig ón uair a bunaíodh an Caighdéan Oifigiúil i réim? Cén caighdéan a bhainfidh le reachtaíocht a ritheadh tamall de bhlianta ó shin, roimh teach i réim an chaighdeáin nua - Caighdeán Oifigiúil 1958 nó Caighdeán Oifigiúil 2013? An mbeidh dabht ann? Is ceist an-teicniúil é. Nuair atáimid ag déileáil le reachtaíocht, ba chóir go mbeadh an deis seo againn.


Is mór an trua é nach raibh dóthain ama ag Teachtaí agus ag an Aire Stáit dul i ngleic go huile is go hiomlán le roinnt de na pointí seo. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh an ábhar seo pléite againn le lucht Rannóg an Aistriúcháin roimh Chéim an Choiste. Níl mé ar an gcoiste sin. B'fhéidir gur botún a bhí ann nach raibh mé gafa go huile is go hiomlán leis an reachtaíocht seo nuair a foilsíodh ar dtús é. Ní raibh mé in ann impí ar an gcoiste dream ón gcoiste téarmaíochta, Rannóg an Aistriúcháin nó an ghrupá atá ag cur an foclóir nua a luaigh an Teacht Ó Cuív le chéile, a thógaint isteach. Níor éirigh linn go leor cúloibre a dhéanamh a chabhródh linn sa mhéid atá le déanamh againn inniu. Tá dainséar ann go ndéanfaimid botún nó nach mbeidh an reachtaíocht chomh foirfe is ba chóir.


Dúirt mé ar an Dara Chéim gur cheart foclóir nua téarmaíochta parlaiminte a fhoilsiú. Tá foclóir parlaiminteach ann. Níl an foclóir nua úsáideach go fóill - níl ach 30% de críochnaithe. Ní raibh mé in ann teacht ar an dá fhocal a lorg mé san fhoclóir. Ní fiú tráithnín é, fad is atá botúin den tsórt sin ann, nuair atá pointí teicniúla á lorg againn atá an Ghaeilge ar ár gcumas againn. Nuair atá an foclóir iomlán curtha le chéile, beimid in ann teacht ar na focail sin. Tá mé ag tnúth leis. Tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe chomh tapaidh agus is féidir. Is léir ón gcuid a chonaic mé go mbeidh sé áisiúl, go háirithe sa lá atá inniu ann nuair atá gach rud leictreonach. Ba cheart go mbeimid in ann teacht ar foclóir cruinn beacht ar barr ár méire.


Níl mé gafa le haon taobh nó taobh eile. Tá mé ag dul i dtreo atá glactha ag an Aire Stáit faoi láthair, toisc gur chóir go mbeimid cinnte go bhfuil leagan amháin den teanga in úsáid i reachtaíocht. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn maidir le reachtaíocht a fhoilsíodh i mBéarla tamall de bhlianta ó shin ach nach bhfuil aistrithe go dtí seo? An mbeidh an reachtaíocht sin aistrithe de réir an chaighdeáin nua nó de réir an tsean-chaighdeáin? Os rud é go raibh siad le n-aistriú tamall de bhlianta ó shin, is dóigh liom gur chóir go mbeadh siad aistrithe de réir an tsean-chaighdeáin. Is cuimhin liom an argóint a rinne mé anseo sa bhliain 2006, nuair a bhí muid ag déileáil le reachtaíocht a bhí ag déanamh athruithe ar Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929. Ag an am sin, ní raibh an tAcht úd ar fáil i nGaeilge. Níl a fhios agam fiú an bhfuil sé ar fáil i nGaeilge go fóill. Cén caighdeán a bheadh in úsáid dá mbeadh aistriú á dhéanamh ar an Acht sin anois? Is ceist teicniúil í seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.