Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:50 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl a fhios agam an dtacaím le seo, ach tá ceist spéisiúil ardaithe ag an Teachta Ó Cuív a ardaíonn arís an fhadhb a bhí againn ar Chéim an Choiste. De gnáth, bheadh muid in ann é seo a phlé ar Chéim an Choiste.

Measaim gur cóir go mbeadh caighdeán amháin ann agus go mbeach gach píosa reachtaíochta bunaithe ar an chaighdeán sin, mar a tharlaíonn sa bhFrainc. Tá an ceist ardaithe ag an Teachta, ach níl tuairim daingin agam uirthi, toisc nár chuala mé freagra ó na teangeolaithe, ó Rannóg an Aistriúcháin, nó ó na habhcóidí ar a mbeadh dualgas déileáil le cásanna faoi seo dá mbeadh a leithéid ann. Seo an fhadhb atá againn le cuid mhaith de na leasuithe atá curtha chun cinn againn inniu. Tá cinneadh tógtha go bhfuil cuid mhaith díobh as ord. B'fhéidir go gcabhródh sé leis an Teachta Ó Cuív dá ndéarfadh mé leis na cinn a leag mise isteach atá as ord. Is iad uimh. 1, 4, 5, 6, 13 agus ó 19 go dtí 23.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.