Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:50 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I move amendment No. 3:

In page 6, line 17, after “used” to insert “as a guide”.

Seo ceist thar a bheith spéisiúil. Tá sé ráite sa Bhille, lch 7 líne 17, go mbeidh An Caighdeán Oifigiúil "... agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge". Ardaíonn sé seo ceist spéisiúil. Más rud é nach gcloítear 100% leis an gcaighdeán i réiteach reachtaíochta nó i réiteach reachtaíochta thánaisteach, an bhféadfadh duine ordú a fháil i gcúirt nach seasann an reachtaíocht?

Ní dóigh liom go bhfuil sé scríofa in aon áit eile go gcaithfidh an reachtaíocht le bheith bailí a bheith caighdeánach go huile agus go hiomlán. Mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon dualgas ar iad siúd atá ag scríobh reachtaíochta i mBéarla glacadh le caighdeán an Bhéarla, mar ní dóigh liom go bhfuil caighdeán i mBéarla mar atá i nGaeilge. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach an gcaithfidh éinne in aon tír eile ar domhan, mar shampla, cloí leis an gcaighdeán oifigiúil go huile agus go hiomlán gan aon imeacht uaidh, dubh, bán ná riabhach i scríobh reachtaíochta nó i scríobh reachtaíochta thánaisteach. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá linn go dearfach an bhféadfadh duine cás cúirte a thabhairt in aghaidh reachtaíochta ar an mbunús nár chloigh an reachtaíocht sin go huile agus go hiomlán leis an gcaighdeán? Ar ndóigh, is iomaí argóinte a bhíonn ann faoin gcaighdeán.

An ceart go dtabharfaí mar threoir, dá ndéanfadh duine imeacht ón gcaighdeán ar aon bhealach beag ag aon am, nach bheadh aon bhunús ag éinne cás cúirte a thógáil faoin sin? Ba mhaith liom míniú ar seo a fháil ón Aire stáit. An bhfuil sé 100% cinnte nach bhféadfadh duine éigin cás éigin a thógáil nár chloí aon phíosa reachtaíochta go huile agus go hiomlán le gach aon bhriathar atá sa gcaighdéan?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.