Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:50 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Sílim go gcaithfidh muid amharc chun tosaigh. Aontaím leis an Teachta nach raibh gach rud i gceart san am atá thart. Bhí riaráistí maidir le aistriú na mBillí agus maidir le aistriú na n-ionstraimí reachtúla. Tharla sé sin uilig. Níor shíl me nuair a tháinig mé isteach go raibh fuascailt na ceiste againn. Nílim chun dul siar ar an stair ar cad a tharla le tamall anuas, go raibh Rannóg an Aistriúcháin agus an Lárionad Aistriúcháin ann agus go raibh a gcaighdeán féin ag gach dream. Tuigeann duine ar bith a bhfuil ciall nó tuiscint ar bith aige nach bhféadfadh muid dul ar aghaidh mar sin. Bheadh muid inár gceap magaidh. Caithfimid caighdeán amháin a bheith againn.

Ní shílim go bhfuil dream ar bith gur féidir leo é sin a dhéanamh níos éifeachtaí ná an dream atá ann ó bunaíodh an t-Oireachtas, Rannóg an Aistriúcháin. Is iad a chuir An Caighdeán Oifigiúil ar fáil go dtí seo agus sílim go bhfuil an taithí, an t-eolas agus an traidisiún acu chun leanúint ar aghaidh le sin. Táim ag breathnú ar an am amach romhainn. Maidir leis an bhfoireann a bhí ag an lárionad aistriúcháin, tá sé tugtha isteach anois go dtí Rannóg an Aistriúcháin agus cuirfidh sé sin go mór lena n-éifeacht. Tá plean á ullmhú ag Rannóg an Aistriúcháin fá choinne tabhairt faoi na riaráistí. Ar ndóigh, is oidhreacht iad sin a tháinig chugam agus b'fhéidir go raibh siad d'oidhreacht ag an Teachta féin chomh maith, ach tá muid chun tabhairt fúthu anois. Is ceist riaracháin í sin agus tá an plean á ullmhú. Níl dabht ar bith ná go rachaimid ar aghaidh le sin.

Mar adúirt mé, tá mé ag iarraidh rudaí a chur ina gceart. Táim ag iarraidh an rud a shíl an saol mór gur ceart a dhéanamh a dhéanamh, mar nach féidir le dhá rannóg a bheith amuigh ansin ag déanamh na hoibre chéanna. Caithfimid breathnú ar aghaidh agus ceacht a fhoghlaim ón rud a chuaigh thart, ach gan a bheith ag díriú isteach barraíocht air. Caithfimid pleanáil don am atá romhainn. Sin an rud atá sa Bhille seo, go mbeidh dream amháin, go mbeidh údarás amháin agus go mbeidh rannóg amháin ag déileáil leis an gcaighdeán. Beidh freagracht ag an dream sin as agus beidh cúraimí caighdeáin orthur ó seo amach. Tá sin ag dul chuig an dream a bhí á dhéanamh i gcónaí go dtí seo, Rannóg an Aistriúcháin. Beidh tuilleadh cuidiú acu. Lena chois sin - tá seo sa Bhille nios faide ar aghaidh - beidh siad ábalta daoine ón taobh amuigh a bhfuil an inniúlacht agus na cáilíochtaí agus na teistiméireachtaí acu a thabhairt isteach sa mheitheal chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.