Dáil debates

Thursday, 31 January 2013

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

 

11:40 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Go loighiciúil, luíonn sé le réasún dá mbeadh an t-aistriúchán ar fad oifigiúil á dhéanamh in aon áit amháin. Níl aon mhaith leis sin mura bhfuil an dream atá ceaptha an obair sin a dhéanamh gan a bheith in ann é a dhéanamh. Dá mba rud é gur tháinig duine isteach anseo agus plean le cur os ár gcomhair a fuarthas ó Choimisiún Thithe an Oireachtais a chruthódh dúinn go bhféadfaí an t-aistriúchán ar fad a dhéanamh taobh de na Tithe anseo, ghlacfainn leis an rud atá á dhéanamh ag an Aire Stáit maidir leis na daoine a bhí ag obair sa Roinn a aistriú isteach faoi chúram na dTithe. Ach ar nós go leor eile, níl an plean sin ag an Aire Stáit. Tá sé ag rá linn go bhfuil an reachtaíocht seo ag dul á achtú go fíor-luath agus níl aon phlean go bhfuil sin le réiteach i láthair na huaire. Cad é an deifir? Dá ndéanfaí rudaí ar an mbealach ceart, gheofadh an tAire Stáit an plean i dtosach, dhéanfadh sé a scagadh agus a chur faoi bhráid na Dála agus nuair a bheadh sin déanta agus gach duine sásta go mbeadh an coimisiún in ann a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh i dtaobh Achtanna agus i dtaobh ionstram reachtúla. Ansin, bheinn breá-sásta go n-aistreofaí na cúraimí a bhí ar an Roinn isteach faoin choimisiún. An fhadhb atá ag an Aire Stáit i gcónaí ná go gcuireann sé an cart roimh an gcapall.

Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil, baineann an caighdeán leis an bpobal. Tá dhá chaighdeán ann i láthair na huaire mar nach raibh Rannóg an Aistriúcháin sásta bheith páirteach sa choiste a bunaíodh faoin Rialtas deireanach le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán. Nuair a bhí a chuid oibre á déanamh ag an gcoiste ar ar cheart do Rannóg an Aistriúcháin a bheith ag freastal air, ach gur dhiúltaigh sí freastal air, chuathas i gcomhairle leis an bpobal ag gach aon chéim den phróiseas.

An dara rud ná go raibh na haicmí ar fad lena mbaineann an caighdeán páirteach ann. Ní bhaineann an caighdeán díreach le reachtaíocht amháin agus cúrsaí teanga do reachtaíocht. Baineann sé le hobair agus saol laethúil na Gaeilge.

Nuair a bhí an obair sin ar bun, in ionad páirt a ghlacadh san obair, dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin páirt a ghlacadh inti. Céard a rinne an rannóg? Dream nach bhfuil in ann a dhualgas a chomhlíonadh maidir le haistriú Achtanna, tharraing sé foireann a bhí ceaptha a bheith ag aistriú Achtanna le go mbeidís ar fáil sa dá theanga oifigiúla don phobal ón obair sin agus réitigh sé leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil gan dul i gcomhairle le héinne, agus gan aon ionchur ag na daoine ar fad, idir lucht na cumarsáide agus mar sin, atá ag plé le cúrsaí na Gaeilge. Tá sé spéisiúil má léann duine brollach an fhoclóra a sheol an tUachtarán an tseachtain seo caite go bhfeicfear ann go bhfuil sé bunaithe ar an gcaighdeán a réitigh an coiste a bhunaigh an Rialtas deireanach, níl sé bunaithe ar an gcaighdeán nua rúnda seo a tháinig amach gan aon dul i gcomhairle ó Rannóg an Aistriúcháin. Mar sin tá bun bun lochtanna le cur chuige an Aire Stáit.

D’fhéadfadh sé cuid den rud seo a cheartú dá mbeadh sé sásta glacadh le leasuithe ar an mBille seo. Dá mbeadh an tAire Stáit sásta cur isteach sa Bhille go gcaithfidh Caighdeán Oifigiúil nua faoin mBille a thabhairt amach laistigh de bhliain a thabharfadh san áireamh an obair a rinne an coiste a bhunaigh an Rialtas deireanach agus dá mba rud é go mbeadh sé sásta leasú a ghlacadh a chuirfeadh mar dhualgas ar Rannóg an Aistriúcháin coiste a bhunú ar a mbeadh na daoine ainmnithe atá ainmnithe agam i leasú eile, móide daoine eile. Dá ndéanfaí é sin, réiteofaí na fadhbanna a tharraing Rannóg an Aistriúcháin orainn sa chás seo. Ar chuma rún-diamhar éigin, tá sé mar bheart ag an Aire Stáit gan ghlacadh ar aon leasú ar aon Bhille, ceap magaidh a dhéanamh den Teach seo agus gan aon ionchur a thabhairt do dhaoine atá ag obair go crua anseo agus ag cur moltaí ar aghaidh. Tá sórt deachtóireachta bunaithe ag an Aire Stáit nach éistíonn le tuairim éinne eile. Mar sin, ní bheidh na hAchtanna tugtha chun dáta agus na haistriúcháin ar fáil taobh istigh de trí bliana fiú. Chomh maith leis sin, ní bheidh aon chinnteacht ann go mbeidh comhphlé le dreamanna eile i réiteach an Chaighdeáin Oifigiúil agus mar sin, tá an Bille seo thar a bheith lochtach ó thús go deireadh. Níl an tAire Stáit ag tabhairt aghaidh ar na feidhmeanna éagsúla.

Tá rudaí chomh dona do Teachtaí Dála atá ag iarraidh aon obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus atá ag iarraidh oibriú ar Bhillí agus a chaitheas breathnú ar sean Achtanna de chuid an Oireachtais go raibh ormsa gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga mar nach bhfuil leagan Gaeilge de na hAchtanna ar fáil dúinn lenár gcuid oibre laethúil a dhéanamh. Níl na leaganacha sin ann do mo leithéid, atá ceaptha ag an bpobal le bheith páirteach in obair reachtaíochta sa Teach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.