Dáil debates

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhí Phoiblí

10:55 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ní sábháilt airgid amháin atá i gceist ar chor ar bith. Dúirt mé, i bhfreagra eile, nach bhfuil an oiread sin sábháil ó thaobh airgid de. Tá €615,000 a chur ar fáil do Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana, beagnach mar an gcéana agus a bhí ins na blianta a chuaigh romhainn. Mar is eol don Teachta, tá comhthacú á dhéanamh ar go leor eagraíochtaí. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga agus Oifig an Ombudsman, córas riaracháin atá i gceist. Is é sin, go mbéadh sé níos foirfe agus, ag an am chéanna, go dtarmligfear cumhachtaí chuig an gCoimisinéir Teanga mar atá i láthair na huaire. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh an Coimisinéir Teanga lonnaithe ins an áit ina bhfuil sé anois, go mbeadh a fhoireann lonnaithe ansin chomh maith agus nach mbeadh aon athraithe ar mhódh imeachta nó ar mhódh oibre an Choimisinéara Teanga thar mar atá.

Tá go leor seirbhísí a bhéadh siad ábalta a chur ar fáil lena chéile, poiblíocht agus rudaí mar sin. Beidh córas níos éifeachtaí riaracháin ag an dá oifig de bharr an chónascaidh, ach níl sé ag dul a chur isteach ar obair nó ar imeacht laethúil an choimisinéara. Tá sé tábhachtach go dtuigfí é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.