Dáil debates
Wednesday, 30 January 2013
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Plean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhí Phoiblí
10:55 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
D'fhág an Teachta Tóibín roinnt ceisteanna a bhí sé ag iarraidh a chur ar an Aire Stáit. Tá roinnt acu freagraithe cheana féin, maidir leis an seasamh a bheidh ag an gCoimisinéir Teanga.
An mbeidh an Coimisinéir Teanga neamhspleách ina iomlán. Tá an t-Aire Stáit tar éis a rá go mbeidh sé tofa go reachtúil ach go mbeidh na cumhachtaí ar fad ag an Ombudsman agus go dtabharfar iad don choimisinéir le hobair. An bhfuil an coimisinéir neamhspleách go hiomlán?
Bhí próiseas comhairleacháin le bheith i gceist maidir leis an cónascadh seo. Tá an t-Aire Stáit tar éis roinnt den toradh ar an bpróiseas sin a lua. Beidh ar an dá oifig obair le chéile amach anseo. An bhfuil sé leagtha amach go hiomlán cá bhfuil an fhoireann chun a bheith lonnaithe. Dúirt an t-Aire Stáit go mbeidh an Coimisinéir Teanga thiar sa Ghaeltacht. An mbeidh an fhoireann ar fad lonnaithe ann, nó an mbeidh roinnt acu curtha to Baile Átha Cliath?
Cén fáth nach raibh Emily O'Reilly, an Ombudsman, nó an coimisinéir féin gafa leis an bpróiseas comhairleacháin?
Ciallaíonn an méid adúirt an t-Aire Stáit go mbeidh cónascadh ag tarlú ach go mbeidh an dá oifig neamhspleách. Cad é an buntáiste don Stát nó don dá sheirbhís a thiocfaidh as an gcónascadh? Luaigh na hAirí go mbeidh buntáistí ann ó thaobh chaiteachas airgid de ach ní fheicim aon buntáiste ins an méid atá luaite ag an Aire Stáit go fóill maidir le sábháil airgid nó maidir leis na dualgais atá ann faoi láthair.
No comments