Dáil debates

Thursday, 24 January 2013

Electoral (Amendment) (Dáil Constituencies) Bill 2012: Second Stage (Resumed)

 

1:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm deis a bheith agam labhairt ar an mBille tábhachtach seo. Táim cinnte go nglacfar le moltaí an choimisiúin, mar níl aon rogha gan glacadh leo. Is deis é seo le athbhreithniú a dhéanamh ar chéard atá ag tarlú agus ar pholasaithe an Rialtais agus an Oireachtais maidir le athnuachan a dhéanamh ar an gcóras polaitíochta. Ar ndóigh, caithfimid chuimhniú i gcónaí go bhfuil an córas atá againn leagtha síos sa mBunreacht.

Sula dtiocfaidh mé chuig ábhar an Bhille seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil athrú amháin go mba mhaith liom a fheiceáil. Tá mé cinnte go dtiocfaidh an Teacht Dála atá amach romham liom ar an cheist seo. An t-athrú sin ná, áit ar bith a bhfuil seirbhís farantóireachta laethúil ag dul chuig oileán, ba cheart go mbeadh an vóta ar an lá céanna ar na hoileáin agus atá sé ar an mhórthír. Beidh mise ag réiteach reachtaíochta le cur faoi bhráid na Dála ar an bhunús sin agus beidh mé ag moladh gur amhail a bheidh sé agus nach mbeidh eisceacht ar bith ach sa gcás nach bhfuil seirbhís laethúil farantóireachta chuig na hoileáin.

Níl aon chúis nach mbeadh an vóta ar na hoileáin ar an lá céanna. Tá deiseanna taistil go leor ann, idir báid, ingearáin agus eitleáin leis na boscaí vótála a thabhairt ar ais. Téann díospóireachtaí ar aghaidh go dtí lá deiridh an toghcháin anois. Bhíodh tráth ann nuair nach mbeadh aon díospóireacht nó aon phlé ar thoghchán lá roimh an toghchán. Tá deireadh le sin anois agus bíonn an plé ann go meánlae an lae sin. Cén fáth nach mbeadh an buntáiste céanna ag na hoileánaigh chun bheith páirteach sa toghchán agus atá ag chuile duine eile?

As I said in Irish, we can presume that this Bill will be passed without any amendment to the proposed constituencies. It would be wrong for us to interfere with the recommendations of an independent commission. Whether the terms of reference of that commission were right or wrong, they were approved by the Dáil and, therefore, it is not for us to change them now. I am sure the Minister of State, Deputy Michael Ring, might regret some of those terms of reference, particularly the reduction in the number of seats, which has effectively split Mayo for the first time.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.