Dáil debates
Wednesday, 28 November 2012
Other Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
2:10 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá bealaí eile i gcónaí ag Údarás na Gaeltachta le foinsí úra maoiniú a fháil. Tá siad ag fáil cíosanna agus ag díol achmhainní agus mar sin. Bhí €6 mhilliún acu an bhliain reatha agus bhí €6 mhilliún acu anuraidh. Sa bhliain 2008 bhí €26 mhilliún acu, i 2009 bhí €16 mhilliún acu, i 2010 bhí €10 milliún acu. Fuair mise oidhreacht, legacy, nuair a tháinig mé isteach in oifig nach raibh acu ach €6 mhilliún. Sílim go ndearna mé gaisce iontach gur iarrraidh liom, in ainneoin na ndeachrachtaí eacnamaíochta atá againn, €6 mhilliún a fháil don bhliain reatha. Beidh mé ag déanamh gach dícheall, in ainneoin na ndeachrachtaí eacnamaíochta atá againn, oiread agus is féidir a fháil don bhliain seo chugainn mar tuigim chomh tábhachtach is atá sé go mbéadh fostaíocht ins na nGaeltacht. Muna bhful fostaíocht níl daoine, muna bhfuil daoine níl teanga agus muna bhfuil teanga níl Gaeltacht. Tuigim an scéal go maith agus tá áthas orm go bhfuil tacaíocht an Teachta le fáil agam.
No comments