Dáil debates

Wednesday, 28 November 2012

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

2:10 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Phléigh muid forbairt eacnamaíochta agus forbairt pobail sa Ghaeltacht.

Tá sé an-tábhachtach níos mó postanna a chur ar fáil sa Ghaeltacht, mar a bhfuil a fhios ag an Aire Stáit. Tá 7,000 post sa Ghaeltacht a cruthaíodh le tacaíocht an údaráis. Ach tá an buiséad caipitil dos na heagraíochtaí gearrtha siar go dtí €6 mhilliún. An mbeidh bealaí eile ann chun foinsí nua maoinithe a aimsiú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.