Dáil debates

Tuesday, 26 June 2012

3:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá a fhios maith ag an Teachta céard atá déanta ag an Rialtas seo ó thaobh iad siúd atá ag fáil airgid ó thaobh cúrsaí leasa shóisialaigh de. Cuireadh cosaintí i bhfeidhm maidir leis na híocaíochtaí sin anuraidh agus sin a bhí i gceist i bplean an Rialtais. Tá a fhios maith ag an Teachta freisin go dtéann réim agus cuspóir an ECB trasna chuile tír san Eoraip agus sa eurozone. Mar sin, ní bhaineann an méid a bhí le rá ag an Teachta le Éire amháin, ach le chuile tír sa eurozone.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.