Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Sílim gur scéim mhaith í an scéim Líofa. De réir mar ata ráite ag an Teachta, tá ag éirí go maith leis. Tá sé ar intinn ag na húdaráis ó Thuaidh 1,000 duine a fháil a bhfuil fonn acu an Ghaeilge a labhairt. Bhí mé i mBéal Feirste agus i Stormont nuair a rinne an tAire, Carál Ní Chuilín, láinseáil ar an scéim. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Bhí réimse leathan den phobal, ó gach taobh agus gach páirtí, i láthair. Is rud maith é sin. Céim ar aghaidh a bheidh ann má éiríonn leo 1,000 duine a fháil. Ar ndóigh, tá sé ar intinn againn líon na gcainteoirí laethúla sa tír seo a ardú go dtí 250,000 le linn na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Is féidir a rá go bhfuil pleananna níos mó agus níos uaillmhianacha againn i gcomparáid leis an bplean ó Thuaidh.

Mar Aire Stáit, is cinnte go bhfuil mé sásta aon moladh fiúntach ar bith, ina measc an moladh atá déanta ag an Teachta maidir le 1916, a scrúdú. Más rud é go gcuideoidh sé liom an Ghaeilge a threisiú i measc an phobail, is fiu éisteacht leis. Tá pleananna maidir leis an Ghaeilge á ullmhú i gcomhthéacs comóradh 1916. Bhí an Ghaeilge mar pháirt an-thábhachtach den Éirí Amach don Phiarsach féin. Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag scrúdú a gcuid pleananna i láthair na huaire. Tá an tAire, an Teachta Deenihan, mar chathaoirleach ar an gcomhchoiste céiliúradh atá againn agus tá mé mar leas-chathaoirleach. Tiocfaidh na grúpaí éagsúla isteach chun cur i láthair a dhéanamh ar na bpleananna atá acu maidir le páirt lárnach a thabhairt don Ghaeilge le linn an chomóraidh. Tá sé sin beagnach socraithe againn. Aontáim leis an gcur chuige atá againn.

Maidir leis na coláistí samhraidh, bhí imní orainn go raibh na figiúrí ag laghdú. Freastalaíonn idir 24,000 agus 25,000 scoláire ar na coláistí gach bhliain. Tá súil agam nach mbeidh titim tubaisteach ar na figiúrí sin i mbliana. Tá deacrachtaí eacnamaíochta sa tír seo. Cosnaíonn sé airgead daltaí a chur go dtí an Ghaeltacht, cosúil le gach áit eile. Is dócha go bhfuil sé sin ag cur isteach ar dhaoine. Más rud é go bhfuil titim, tá súil agam nach mbeidh sé ró-mhór. Níos luaithe sa bhliain, bhí imní orainn go mbeadh titim. Dé réir an scéal atá ag teacht ar ais chugam go neamhoifigiúil, níl rudaí chomh holc agus a shíleamar go mbeidís. Cífimid de réir mar a théann sé ar aghaidh caidé mar a bheidh sé. Mar adúirt mé, tá suíl agam nach mbeidh an titim ró-mhór, mar go bhfuil obair chomh tábhachtach sin ar siúl acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.