Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Ní féidir breithiúnas a thabhairt ar an mBille Gaeilge ós rud é nach bhfuil sé foilsithe go fóill. Tá mé ag iarraidh breithiúnas a thabhairt ar an méid ata déanta ag an Rialtas go dtí seo. Is féidir linn fanacht go dtí go bhfeicimid an reachtaíocht sin, lena bhfuilimid ag súil.

Tá fadhbanna ag na coláistí samhraidh. Níl an éileamh céanna ar spásanna sna coláistí samhraidh ann i mbliana, i gcomparáid leis na blianta roimhe seo. Chuala mé ar an talamh go mbeidh deacrachtaí ag cuid acu na spásanna sin a líonadh, go háirithe i mí Lúnasa seo chugainn.

Ba mhaith liom níos mó eolais a fháil ón Aire Stáit faoi spriocdátaí na scéimeanna teanga atá luaite aige. Tá mé ag smaoineamh go háirithe faoin chéad dream lena bhfuil sé ag dul ar aghaidh. Cén spriocdáta atá i gceist aige chun é a leathnú amach go dtí na ceantair eile?

D'iarr mé i gCeist Uimh. 8 an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas scrúdú a dhéanamh ar an togra Líofa 2015 atá á eagrú ag an Aire sa Tuaisceart, Carál Ní Chuilín ó Shinn Féin. Mar is eol don Aire Stáit, is é cuspóir an togra sin, atá oscailte do chách, ná 1,000 cainteoir nua Gaeilge a chruthú sa Tuaisceart roimh 2015. Tá an-éileamh ar an scéim. Is rud iontach é go bhfuil póilíní sa Tuisceart agus duine nó beirt ón DUP agus na páirtithe eile tar éis clárú don togra.

Mar is eol don Aire Stáit, d'eagraigh Bernard Dunne an feachtas Bród, a bhí cosúil leis an scéim Líofa. Bhí sé ag iarraidh an méid duine a labhraíonn an Gheilge sa tír seo a leathnú. Cén fáth nach bhfuil togra den tsórt sin á reachtáil ag an Rialtas? Tá cumhacht agus airgead ag an Aire Stáit. Cé gur rud beag é daoine nua a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid, is rud tábhachtach é.

Cén fáth nach bhfuil togra ar nós Líofa 2016 á chruthú ag an Rialtas chun ómós a thabhairt do na laochra a throid ar son saoirse na tíre seo? Tá an tAire Stáit i gcónaí ag rá go bhfuil a chluasa oscailte le haghaidh smaointí nua. Iarraim air inniu tacaíocht a thabhairt do togra ar nós Líofa 2016 sa Stát seo, a mheallfadh an méid is mó daoine agus is féidir chun líofacht a chur ar a gcuid Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.