Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Ní briste atá gealltanais i dtaobh na deacrachta seo. Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag déileáil le Bille chun creidmheas a thabhairt do chomhlachtaí beaga, ní amháin ó thaobh gealltanas dlíthiúil páirteach a thabhairt dóibh ach go mbeadh mion-chomhlacht Stáit curtha ar bun sa dóigh is go mbeadh creidmheas ar fáil do chomhlachtaí an-bheaga atá ag tosú. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil coiste Rialtais bunaithe ar a dtugtar an EMC agus bhí na bainc istigh os comhair an choiste sin i rith na coicíse seo caite. Tá sé leagtha síos ag an Rialtas go mbeidh €3.5 billiúin de chreidmheas nua curtha ar fáil do chomhlachtaí ó na bainc.

Tá a fhios ag an Teachta, ní amháin ina dháilcheantar féin ach ar fud na tíre, go bhfuil brú ar chomhlachtaí beaga mar gheall ar an nós a bhí ag na bainc go mbeadh foirgneamh, talamh nó airgead eile mar collateral chun airgead a fháil sa chéad áit agus ní mar sin atá cúrsaí faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil oifig ann chun iniúchadh a dhéanamh ar na cinntí faoi chreidmheas agus i 50% de na cásanna a thugtar os comhair na hoifige sin, tá an cinneadh aisiompaithe agus tugtar ord an creidmheas a chur ar fáil. Níl dóthain comhlachtaí ag dul isteach chuig an oifig sin agus deireann na bainc nach bhuil a dóthain iarratas ag teacht isteach ag lorg creidmheasa sa chéad áit. Bhí mé féin ag caint le bainisteoir bainc an lá cheana a thug airgead sách mór do comhlacht beag. Dúirt mé leis gur cóir go mbeadh na bainc ag caint ar na stáisiúin raidió áitiúla ag tabhairt eolais do comhlachtaí agus ag dul amach chucu ag rá leo go bhfuil airgead acu ón Rialtas agus gur cóir do na comhlachtaí déileáil leo de bharr sin. Is fíor a rá áfach, go bhfuil cuid de na comhlachtaí nach bhfuil in ann leagaint amach céard go díreach atá i gceist acu maidir le plean caiteachais don am amach rompu. I gcuid de na cásanna seo, bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh plean soiléir agus dáiríre ag na comhlachtaí beaga sula dtéann siad isteach chuig na bainc ar dtús. De réir an eolais atá againn ó na bainc, bíonnn suas le 60% de na comhlachtaí beaga a théann isteach ag iarraidh airgid agus creidmheasa gan plean caiteachais don todhchaí leagtha amach acu. Níl an geallúint briste mar sin. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tabharfaidh an tAire, an Teachta Bruton, an Bille isteach taobh istigh de chúig nó sé seachtain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.