Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

Ceisteanna ó na Ceannairí

 

10:30 am

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)

I gclár an Rialtais a foilsíodh bliain ó shin, thug an Rialtas gealltanais éagsúla agus ceann acu siúd ná go dtabharfadh sé tacaíocht láidir chun creidmheas a chur ar fáil do chomhlachtaí beaga agus meánmhéide. Anois, bliain ina dhiaidh sin, is oth liom a rá go bhfuil an gealltanas áirithe seo briste ag an Rialtas. Téann sin leis an liosta fada de ghealltanais eile atá briste ag an Rialtas.

Tá Banc Ceannais na hEorpa tar éis níos mó na €1 trilliún a chur isteach i gcóras airgeadais an Aontais Eorpaigh. Tá níos mó na 800 banc timpeall na hEorpa tar éis leas a bhaint as an scéim seo. Faraor, go dtí seo, níl comhlachtaí anseo ag fáil leasa ón infheistíocht seo. D'ardaigh mé seo leis an Tánaiste agus leis an Taoiseach an tseachtain seo caite agus is féidir a rá go bhfuil fíor-easpa práinne ag an Taoiseach agus ag an Rialtas faoin ábhar fíor-thábhachtach seo. Tá sé ráite arís agus arís eile ag eagraíochtaí ar nós ISME agus an SFA nach bhfuil creidmheas cuí le fáil ó na bainc. Toisc an easpa creidmheasa seo, tá comhlachtaí ag gearradh siar ar líon na ndaoine atá ag obair leo nó, i gcásanna áirithe, ag dúnadh síos go hiomlán. Tá comhlachtaí beaga ag rá liom gach lá gurb é an easpa creidmheasa an dúshlán is mó atá acu.

An dtuigeann an Taoiseach go bhfuil poist á gcailliúint mar gheall ar an easpa creidmheasa seo? Tá sé riachtanach go ndéanfadh an Rialtas rud éigin chun an fhadhb seo a réiteach gan aon mhoill eile. Le déanaí, dúirt Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, Patrick Honohan, go bhfuil coinníollacha creidmheasa in Éirinn níos déine anois ná in aon áit eile sa eurozone ó thaobh costas agus fála de. Fós, áfach, níl an Rialtas ag déanamh aon rud chun an fhadhb a réiteach. Tá a fhios ag gach duine go bhfuair na bainc airgead ón Stát chun creidmheas a chur ar fáil ach níor tharla sin. Nach bhfuil sé in am don Taoiseach agus don Rialtas ord a thabhairt do na bainc bheith níos solúbtha agus creidmheas a chur ar fáil chun comhlachtaí beaga ar fud na tíre a shábháil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.