Dáil debates
Wednesday, 7 March 2012
Order of Business
11:00 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Ní chuirfidh an reifreann airgeadais isteach ar an bplean Rialtais ar chor ar bith. Tá a fhios ag an Teachta nach gcuirfidh an conradh isteach orainn mar tír ach go mbeidh muid i gclár le dhá bhliain. Ní bheidh cosc ar an Rialtas leanúint leis an cineál infheistíochta atá á dhéanamh aige agus ó thaobh jabanna a chur ar fáil. Ní bheidh laghdú ar bith maidir le sin de bharr an conartha seo. Níl a fhios agam go díreach cathain a foilseofar an Bille. Mar a dúirt mé, caithfear an Bille a chur ar fáil ar dtús, an coimisiún a bhunú agus an próiseas a leagan amach. Nuair a bheidh an Bille réidh agus glactha ag an Rialtas, tabharfaimid eolas don Teach láithreach.
No comments