Dáil debates
Wednesday, 7 March 2012
Order of Business
11:00 am
Joe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Is iontach an rud é go bhfuil muid ag déanamh iarrachta inniu imeachtaí an lae a phlé trí mheán na Gaeilge. Is maith agus is fiú é sin a dhéanamh. Cathain a mbeidh an Bille foilsithe don reifreann airgeadais? An féidir leis an Taoiseach geallúint a thabhairt don Teach nach bhfuil aon rud sa chonradh airgeadais a chuirfidh isteach ar shaoirse na tíre seo chun scéimeanna nua do jabanna a chur ar bun agus go mbeidh seans againn jabanna a fhorbairt taobh istigh den conradh nua?
No comments