Dáil debates
Wednesday, 18 January 2012
Order of Business
11:00 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Níl a fhios agam céard a dúirt an t-Aire Oideachais agus Scileanna. Ní raibh mé ag éisteacht leis. Ní raibh mé sa Teach nuair a bhí sé ag caint. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil freagraí cruinn soiléir leagtha amach ag an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoin rud seo.
Bhí mé ag léamh ar maidin faoi ráiteas an Teachta Ó Cuív i gContae Chill Mantáin faoi chúrsaí séarachais agus costaisí a bhaineann leis. Ní raibh a ndúirt sé cruinn. Ta sé i bhfábhar coinníolacha a bheith ag baint leis an gcóras nua. Bíodh sé cinnte de seo. Beidh an t-Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an-soiléir faoi seo. Ní bheidh aon dabht in aigne an Teachta féin céard go díreacht atá i gceist, ó thaobh na hEorpa de agus ó thaobh ard-chaighdeán maidir le séarachas agus uisce. Níor chuala mé an rud a dúirt an t-Aire Oideachais agus Scileanna.
No comments