Dáil debates
Wednesday, 18 January 2012
Order of Business
11:00 am
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Bhí sé geallta i gclár an Rialtais go mbéadh leasú á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Cén fáth nach bhfuil seo ar an gclár reachtaíochta?
Chomh maith leis sin, an bhfuil sé i gceist ag an Taoiseach iarraidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna ceartú a dhéanamh ar an méid adúirt sé sa Teach an lá faoi dheireadh maidir leis an mBille um Sheirbhísí Uisce, nuair a dúirt sé rud a bhí thar a bheith mí-chruinn?
No comments