Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá sé tábhachtach go ndíreoimid isteach ar ceist na Gaeilge agus, go háirithe, ceist na Gaeltachta, uair sa bhliain ar a laghad. Is maith an rud é go bhfuil deis againn labhairt as Gaeilge sa Teach seo. Is é seo an t-aon uair, áfach, a chloisim Teachtaí áirithe ag labhairt an Ghaelige atá acu. Measaim go bhfuil Gaeilge ag formhór de Bhaill na Dála. Ba chóir dúinn iarracht a dhéanamh i gcónaí an teanga a mhealladh astu agus deis a thabhairt dóibh. Go minic, ní labhrann Teachtaí as Gaeilge toisc nach bhfuil na meáin sásta éisteacht linn má tá an Ghaeilge á úsáid againn. Is trua nach bhfuil éinne ó na meáin i láthair don díospóireacht seo. B'fhéidir go bhfuil siad ag éisteacht ina n-oifigí. Sa chuid is mó, déantar neamhaird dúinn nuair a úsáidtear an Ghaeilge sa Teach seo. Measaim gur chóir é sin a leigheas.

Is cuimhin liom nuair a labhair mé i nGaeilge mar Theachta nua-thofa, d'iarr mé cén fáth nár úsáid na hAirí a bhí os mo chomhair na huirlisí cluasáin chun an méid a bhí á rá agam as Gaeilge a thuiscint. Dúradh liom go raibh náire ar roinnt daoine sa Teach a léiriú don phobal nár thuig siad an Ghaeilge. Nuair a chuireann Teachtaí cluasáin orthu, is léir do gach éinne nach bhfuil Gaeilge flúirseach acu. Ag an am sin - beagnach deich mbliana ó shin - d'iarr mé cén fáth nár aithríomar go dtí cluasáin beaga ionas nach mbeadh náire orthu? I suggested we should use small, discreet earphones. Tabharfadh rud simplí mar sin deis do gach éinne nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu suí anseo agus éisteacht linn i mBéarla.

Luaigh an Teachta Mac Eilis ceann de na hathruithe beaga gur chóir dúinn a dhéanamh. Tá ranganna Gaeleagras ar fáil d'fhoireann an Thithe an Oireachtais más Státseirbhísigh iad, ach níl siad ar fáil dóibh siúd atá fostaithe ag na páirtithe polaitíochta agus nach Státseirbhísigh iad. Ba cheart é sin a athrú - rud simplí a bheadh i gceist. Tá oifigigh Sinn Féin ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad ag obair anseo, ach níl an deis sin acu. Ba chóir go mbeadh níos mó ranganna Gaeilge ar fáil timpeall na tíre.

Nuair a bhí mé ag siúl timpeall Tír na mBascach thart ar 15 bliain ó shin, chonaic mé ranganna teanga na mBascach ar siúl i bpáirceanna poiblí ag a hocht a chlog ar maidin. Bhí na foghlaimeoirí ag suí timpeall. Chonaic mé é sin gach áit a ndeachaigh mé. Caithfimid an bpointe sin a shroichint in Éirinn am éigin. Ba chóir go mbeadh deiseanna den chineál sin ar fáil do gach éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim. Sula ndeachaigh muintir na háite ag obair, chaith siad leathuair nó uair ag foghlaim a dteanga dhúchais. Bhí sé go hiontach é sin a fheiceáil. Dar ndóigh, níl an aeráid céanna againn - ní bhíonn an ghrian ag taitneamh chomh minic anseo agus a bhíonn sí i dTír na mBascach.

Measaim go bhfuil deis mór ag an Stát anois nach raibh ann le tamall maith de bhlianta. Tá flúirse ógánaigh ag teacht as gaelscoileanna na tíre le Gaeilge den scoth acu. Níor tharla sé sin roimhe seo. Measaim gurb í an fhadhb atá againn anois ná nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu. Go minic, críochnaíonn úsáid na Gaeilge i measc na daoine seo nuair a dhúnann siad geata na scoile taobh thiar dóibh tar éis na hardteistiméireachta. Caithfimid deis níos mó a thabhairt do phobal cainteoirí agus foghlaimeoirí na tíre seo an Ghaeilge a úsáid. Caithfimid iad a mhealladh.

Níl na freagraí ar fad agam, ach is soiléir go bhfuil siad fite fuaite le tuilleadh fostaíochta, tuilleadh áiseanna do chúrsaí Gaeilge ar fud na tíre agus tuilleadh meas orthu siúd a labhrann an Ghaeilge. Tá athrú ag teacht sa saol. Ní caitear anuas chomh minic anois orthu siúd a labhrann an Ghaeilge. Ní chasann an méid céanna daoine orm mar dhuine neamhghnách nuair a chloiseann siad go bhfuil an Ghaeilge á labhairt agam. Nuair a bhí mé óg agus ag freastal ar ghaelscoil sa chathair seo, duine ait ab ea mé de réir go leor daoine sa tír seo. Bhí níos mó fanatical elements ó thaobh an Bhéarla de ag an am sin ná mar a dúirt an duine eile fanatical elements of the Irish language. Daoine a bhí iontu a bhí ag triail a dteanga a chosaint agus molaimid go mór iad.

Tá céimeanna siar tógtha ag an Stát le déanaí cionn is nach ábhar éigeantach an Ghaeilge chun dul isteach sna gardaí, sa Státseirbhís agus i roinnt de na hollscoileanna. Bhí seasamh ar leith ag an Ghaeilge nuair a bhí sin ann. B'fhéidir nach raibh sé go huile is go hiomlán curtha i réim i gceart ach bhí stádas ar leith ann don teanga. Má fhaighimid réidh leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san ardteistiméireachta, is céim siar sin. Bhí an Teachta McHugh ag rá nach cabhair é go bhfuil an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san ardteistiméireacht ach ní cabhair í matamaitic ach oiread mar táimid thíos san ábhar sin sa tír seo.

Tá straitéis ann agus tá gach páirtí tar éis seasamh leis an straitéis sin agus caithfimid cur chuige a dhéanamh anois seachas bheith ag caint de shíoraí air. Caithfidh an Rialtas nua teacht os comhair na Dála chun plean agus maoiniú chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Gheobhaidh sé tacaíocht iomlán ón Fhreasúra má dhéantar sin go tapaidh. Caithfimid díriú isteach ar cheist Údarás na Gaeltachta chomh maith sa díospóireacht seo, an bhfuil ann nó as dó?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.