Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil sí ag dul ar aghaidh. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó plé anseo faoin Ghaeilge, mar a dúirt an Teachta Tóibín. Ba cheart dúinn i bhfad níos mó gnó a dhéanamh trí Ghaeilge amach anseo. Is é sin an fís a bhí ag na daoine a bhunaigh an Pharlaimint seo. Tá súil agam go spreagfaidh an díospóireacht Gaeilgeoirí, foghlaimeoirí agus daoine atá báúil don Ghaeilge Thuaidh agus Theas. Labhróidh mé faoin Tuaisceart inniu. Má tá díospóireacht eile againn ar an nGaeilge sa todhchaí, labhróidh mé faoi chursaí Gaeilge an Stáit seo.

Ag tús an phróiséas síochána agus i rith na cainteanna roimh Comhaontú Aoine an Chéasta, chuir Sinn Féin ceist na Gaeilge sa Tuaisceart agus ar an oileán ar fad, ar an chlár. Tháinig aitheantas don Ghaeilge agus Foras na Gaeilge agus - don chéad uair - tacaíocht don Ghaeilge sna Sé Chontae as sin. Tháinig feabhas mór ar stádas ár dteanga náisiúnta sa Tuaisceart ó shin. Ní aithníonn an Ghaeilge aon teorann ar an oileán seo. Is teanga uile-Éireannach í. Má táimid chun í a athshlanú, is ar bhonn uile-Éireannach a dhéantar é. Baineann tábhacht le Foras na Gaeilge. Caithfidh an fhoras tacaíocht leanúnach a fháil ón dá thaobh den Teorainn chun cuidiú lena chuid oibre.

Is linn uilig an teanga, gan aird ar pé creideamh nó dearcadh polaitiúil atá againn. Níl bagairt ar bith ann. Caithfimid é seo a chur ina luí ar Rialtas na Breataine agus go háirithe ar ár gcairde, na nAontachtaithe. Ba cheart dúinn an fís atá againn maidir leis an nGaeilge a mhíniú dóibh. Ní mór dúinn leiriú dóibh nach bagairt dóibh forbairt na Gaeilge agus an cultúr Gaelach. Tá Sinn Féin ag iarraidh pobal de chainteoirí Gaeilge a thógáil sa Tuaisceart. Beidh scoileanna lán-Ghaeilge, áiseanna sóisialta, clubanna óige, féidearthachtaí gairme agus na meáin cumarsáide mar pháirt den phobal sin. Beidh dlíthe ar fáil chun na cearta éagsúla a chosaint sna cúirteanna.

Tá Sinn Féin ag déanamh a ndícheall sa Roinn Oideachais ó Thuaidh chun an ghaeloideachais a fhorbairt. Nuair a bhí Caitríona Ruane mar Aire ann, thug sí deontais do chlubanna óige Ghaeilge ar fud an Tuaisceart. Leanfaidh an Aire nua ar aghaidh leis an obair sin. Níl obair mar sin ar siúl anseo, áfach. Nuair a bhfuair Sinn Féin airgead ó Rialtas na Breataine chun na críche sin, bhí argóint agus troid mhór i Hillsborough. Fuaireamar airgead fá choinne an ciste craoltóireachta chun ciste infheistíochta a bhunú a chuideodh le forbairt gréasán cultúrlanna. Tá Gaeilgeoirí ó Thuaidh ag iarraidh Gaeltachtaí uirbeacha a chruthú. Is rud an-tábhachtach é sin.

Labhrann go leor daoine sna cathracha an Ghaeilge. Roimhe seo, b'iad muintir na tuaithe is mó a úsáid an teanga. Rud eile atá i gceist anois. B'fhéidir go bhfuil níos mó daoine i mBéal Feirste ag caint Gaeilge gach lá ná i mBaile Átha Cliath, taobh amuigh den Uachtarán Obama agus Banríon Shasana. Níl a fhios agam. Má tá na hiarrachtaí éagsúla le bheith níos éifeachtaí, caithfimid forbairt a dhéanamh ar bhonn uile-Éireannach leis an chomhoibriú idir na hinstitiúdaí ar an dá chuid den oileán. Caithfidh mé a rá go bhfuil Sinn Féin an-sásta oibriú leis an Aire, an Teachta Ó Duibhneacháin. Gabhaim comhghairdeas leis agus tá súil agam go n-éireoidh an t-ádh leis. Beidh Carál Ní Chuilín, mar Aire sa Tuisceart, ag obair leis an Aire, an Teachta Ó Duibhneacháin.

Ag an uair seo, tá penal law á chur ar aghaidh sa Tuaisceart. The Administration of Justice (Language) Act (Ireland) 1737 decrees that all proceedings in courts of justice, mar dhea, in the North have to be within the English language. In effect, 80 miles up the road from here, the Irish language is illegal in the courts of law. Tá sé sin an-mícheart. Táimid ag déanamh ár ndícheall é a athrú, ach is jab mór é sin don Aire nua. Tá gá ann deireadh a chur leis an dlí seo anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.