Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht an díospóireacht seo a bheith ann ar iarratas ó cheannaire Shinn Féin. Tá díoma orm freisin nach féidir linn na ceisteanna a bhí eagraithe againn a chur ar an Aire Stáit maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Bhí naoi gceist curtha isteach agam agus ní phléifear iad go dtí lár Mheithimh. Tá sin go huafásach mar is ceist phráinneach í an Ghaeilge.

I saol na Gaeilge táimid ag pointe tábhachtach agus práinneach. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhféadfadh an Ghaeilge bás a fháil taobh istigh de 20 bliain mura dtógfaí céimeanna suntasacha chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá sin dochreidte - go mbeidh deireadh leis an Ghaeilge i saol na Gaeltachta taobh istigh de 20 bliain agus is mór an náire a bheidh ar ghlúin s'againne má tharlaíonn sin.

Foilsíodh an tuarscáil sin i 2007, agus ciallíonn nach bhfuil fágtha ag an Ghaeilge ach thart ar 16 bliain. Tá dúshlán uafásach os ár gcomhair. Mar thoradh ar an tuarascáil sin, ghlac gach páirtí sa Dáil, páirtithe an Rialtais seo san áireamh, d'aon ghuth leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dhearbhaigh na páirtithe Rialtais arís sa chlár chomhaontaithe Rialtais go dtabharfaidh siad tacaíocht don straitéis ach ní ionann an méid a deir siad agus an méid atá siad ag déanamh. Go deimhin, tá ráitis áirithe déanta acu atá glan i gcoinne na moltaí sa straitéis, ar nós deireadh a chur le Gaeilge éigeantach san ardteistiméireacht, deireadh a chur le scéim labhairt na Gaeilge, agus rialacha a dhéanfaidh sé níos déine Gaelscoileanna a bhunú. Bhí mé ag labhairt le muintir na Gaelscolaíochta i rith na seachtaine seo caite agus dúirt siad go bhfuil sé i bhfad níos deacra anois Gaelscoil a bhunú. Cad é dearcadh an Rialtais ar an Ghaeilge i ndáiríre?

Tá sé molta sa straitéis go mbeadh coiste Rialtais, ar a mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn. An bhfuil an coiste bunaithe agus cad iad na hacmhainní atá ar fáil dó? An bhfuil baint ag an Taoiseach leis an choiste go fóill agus an bhfuil sé ag coimeád súil ar na hábhair atá á bplé ag an choiste? An mbeidh seans ag na páirtithe eile sa Dáil cúnamh a thabhairt don choiste sin?

Tá béim mhór freisin ar oiliúint mhúinteoirí atá líofa sa Ghaeilge agus is cúspóir é ionad náisiúnta gairmfhorbartha do mhúinteoirí trí mheán na Gaeilge a chur ar bun ach cá bhfuil sé? Mura gcuirtear tús leis an obair seo láithreach, cén chaoi go mbeidh seans ann an teanga a tharrtháil, gan trácht ar an sprioc 250,000 cainteoirí líofa a bheith sa tír faoi 2030 a bhaint amach?

Ní léir don phobal go bhfuil tosaíocht á tabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge ná don straitéis. Mar thoradh air sin, níl an Rialtas ag baint tairbhe iomlán as na deiseanna fostaíochta, oideachais agus turasóireachta a bhaineann léi. Go deimhin, bhí an Rialtas deireanach agus an Rialtas nua in ainm céimithe óga breise a oiliúint le dul ag obair mar aistritheoirí san Aontas Eorpach ach níl sin déanta go fóill ach oiread.

Is féidir leis an Rialtas seo rudaí simplí agus úsáideacha a dhéanamh ar son na Gaeilge. Tá an-chuid oibre déanta ag Sinn Féín agus molaimid don Rialtas glacadh leis na pointí seo agus iad a chur i bhfeidhm. Ar dtús, ba cheart go mbeidh cur chuige uile-Éireann ar fhorbairt na Gaeilge. Is rud iontach tábhachtach é an comhionannas, cearta mhuintir na Gaeilge san áireamh; caithfidh go mbeidh siad in ann seirbhísí a fhail ón stáit trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh na hacmhainní cearta ag na eagraíochtaí atá ag obair ar son na Gaeilge chun infrastruchtúr an athbheochain a cruthú. Is iad na Gaeltachtaí croí-lár na teanga agus caithfimid iad a chosaint, a thacú agus a fhorbairt. Mura bhfuil todhchaí ann don Ghaeltacht, beidh fadhb mhór ag an Ghaeilge as seo amach. Tá aithne agam ar dhaoine atá ag obair ar son na Gaeilge i nGaeltacht Ráth Cairn ach tá fadhb ann don ghlúin óg, níl an Ghaeilge chomh láidir acu ná mar atá ag an ghlúin a chuaigh roimpi. Tá obair le déanamh againn mar gheall air sin.

Ba cheart go mbeadh neart acmhainní ag an Ghaeilge sa chóras oideachais agus go mbeadh ceart bunreachtúil ag daoine oideachas lán-Ghaeilge a fháil. Tá rudaí uafásacha déanta don chóras Gaelscolaíochta agus don choimheas idir múinteoirí agus páistí. Tá an buntáiste sin scriosta anois. Tá coistí timpeall na tíre ag iarraidh Gaelscoileanna nua a bhunú ach níl siad ann mar gheall ar an athrú beartais a tharla sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Ní mór don chóras dlí agus don earnáil phoiblí a bheith oscaílte do phobal na Gaeilge. Ní mór do Rialtas na Breataine agus Rialtas Phoblacht na hÉireann a ngealltanais maidir le hAchtanna teangacha oifigiúla a chur i bhfeidhm. Caithfimid tacú le forbairt na meáin chumarsáide Gaelacha sa Deisceart agus sa Tuaisceart freisin. Tá an-chuid daoine ag obair le Gaelsceál, le Raidió na Gaeltachta, Foinse agus le grúpaí eile mar sin ach caithfimid, mar pholaiteoirí, tacaíocht a thabhairt dóibh.

Tá stair fhada bhródúil ag an Ghaeilge sa tír seo. Tá sí á labhairt againn ar feadh 2,000 bliain. Tá grá agus meas ag móramh na ndaoine fós uirthi agus tá an-chuid oibre déanta ag eagraíochtaí iontacha timpeall na tíre. Tá fás ag teacht uirthi in áiteanna ach ní leor sin. Mar a luaigh mé cheana, tá tacaíocht an Rialtais ag laghdú. Bhí baill Rialtais iontach sásta leis an méid Gaeilge a labhair Banríon Shasana agus an tUachtarán Barack Obama. Tá sé dochreidte go bhfuil níos mó Gaeilge ar shuíomh Idirlíne Bhanríon Shasana ná ar shuíomh Idirlíne Fhine Gael nó an Lucht Oibre. Mura ndéanaimid féin mar pháirtithe obair ar son na Gaeilge, ní dhéanfaidh éinne eile an obair.

Níl an Rialtas seo i ndáiríre faoin Ghaeilge. Mura n-athraíonn an Rialtas a aigne agus a bheartas, beidh an Ghaeilge caillte ag an ghlúin seo mar theanga bheo go deo. Impím ar an Rialtas, in áit bheith ag caint faoin Ghaeilge, go dtosóidh sé ag obair ar an straitéis 20 bliain anois díreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.