Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá mé thar a bheith buíoch an deis seo a bheith agam labhairt sa Teach inniu maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá mé buíoch freisin don Aire, an Teachta Deenihan, as ucht an tacaíocht atá tugtha aige dom agus muid ag obair i bhfochair a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge agus an nGaeltacht. Ba mhaith liom a rá gur onóir mhór dom a bheith ceaptha mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le freagracht ar leith do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta. Mar dhuine de bhunadh Ghaeltacht Dhún na nGall, is pléisiúr mór atá ann a bheith ag plé mar Aire Stáit leis an ábhar is gaire do mo chroí. Níl aon cheist ach go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar an chéad chloch ar mo phaidrín mar Aire Stáit agus mé ag obair go tréan, i gcomhar leis an Aire sinsearach, chun an straitéis 20 bliain a chur i gcrích.

Mar is eol don Teach, tá sé mar sprioc ag an straitéis 20 bliain líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a mhéadú ón bhfigiúr reatha - 83,000 duine - go 250,000 duine as seo go ceann 20 bliain. Tá sé mar sprioc freisin an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a mhéadú faoi 25% sa tréimhse chéanna. Is é an cur chuige faoin straitéis go mbeidh creatlach tacaíochta ann chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh go nádúrtha ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach agus den phobal. Mar is eol dom go rí-mhaith, tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcomhthéacs na Gaeltachta. Mar atá ráite sa straitéis, leanann úsáid teanga as cumas sa teanga, deis an teanga sin a úsáid agus dearcadh dearfach i leith na teanga. Dá bhrí sin, tá cur chuige an Rialtais faoin straitéis dírithe go háirithe ar chumas an phobail sa teanga a fheabhsú, na deiseanna úsáidte atá ag an bpobal a mhéadú agus dearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú. Tugann an straitéis deis don Stát tógáil ar an dea-thoil agus an dearcadh dearfach i leith na teanga atá neadaithe i measc an phobail go ginearálta. Mar a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus é ar cuairt chun na tíre seo i rith na seachtaine - más féidir liom é a aistriú - is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Cé gur féidir leis an gcóras Stáit iliomad gníomhartha a thógáil ar mhaithe leis an nGaeilge, ag deireadh an lae is faoin bpobal atá sé an teanga a labhairt. Faoin straitéis 20 bliain, is gá don Stát, na heagraíochtaí Gaeilge agus an phobal obair as lámha a chéile ar mhaithe le buanú na teanga. Sa chomhthéacs seo, tá ról ar leith ag páirtithe leasmhara na Gaeilge a gcion a dhéanamh maidir le normalú na teanga sa sochaí go ginearálta agus tacaíocht a thabhairt do chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom anois tagairt don méid atá déanta ag an Rialtas agus mo Roinn maidir le tosaíocht a thabhairt don straitéis. Tá sé ráite go soiléir sa chlár Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis 20 bliain agus go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Ón uair gur tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, chinn an Taoiseach, an Teachta Éanna Ó Coinnigh, an coiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht a athbhunú faoina chathaoirleacht féin. Tá dhá chruinniú den choiste tionólta aige go dtí seo, ceann i mí Aibreáin agus ceann an tseachtain seo caite. Is dóigh liom go léiríonn sé seo tiomantas an Taoisigh don Ghaeilge agus go bhfuil sé toilteanach agus ábalta am suntasach a chur ar leataobh sa sceideal gnóthach atá aige chun aghaidh a thabhairt ar chur i bhfeidhm na straitéise, in ainneoin an iliomad éileamh eile atá ar a chuid ama. Is léiriú é freisin ar thiomantas an Taoisigh i leith na Gaeilge go bhfuil cinneadh tógtha aige go mbeidh an straitéis 20 bliain faoi stiúir ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus agam féin, mar Aire Stáit le cúram ar leith do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ó thaobh mo Roinne féin de, táthar ag tabhairt le dúthracht faoi chéim an bhunaithe den straitéis a chur chun cinn. Tá ionad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise ag mo Roinnse i mbliana curtha i dtoll a chéile ag an ionad straitéise. Táthar ag ullmhú plean forfheidhmithe trí bliana, a bheidh le plé ar ball leis na príomhpháirtithe leasmhara, faoi láthair. Tá na céimeanna tosaigh tógtha ag an ionad straitéise chun grúpaí oibre a bhunú i gcomhar leis na príomhpháirtithe sin. Os rud é go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le réimse gnímh an oideachais faoin straitéis 20 bliain, tá grúpa oibre ard-leibhéil bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an grúpa sin ag tabhairt tús áite do na tosaíochtaí a aithint maidir le cur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tabhairt san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Cé is moite de réimse gnímh an oideachais, tá dhá ghrúpa oibre eile bunaithe ag an ionad straitéise ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá grúpa oibre ard-leibhéil bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá an grúpa seo dírithe go háirithe ar scrúdú a dhéanamh ar fheidhmeanna reachtúla agus gníomhaíochtaí na Roinne, an fhorais agus an údaráis sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste agus nach mbeidh aon dúbláil soláthair ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na straitéise ag na páirtithe éagsúla. Tá grúpa oibre ard-leibhéil eile bunaithe idir mo Roinn féin, an Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun plé a dhéanamh ar infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Tá súil agam go dtugann sé seo léargas don Teach ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá tógtha le tamall anuas ag an Rialtas agus ag mo Roinn faoin straitéis 20 bliain. Mar is eol don Teach, is straitéis uaillmhianach í seo atá le cur i bhfeidhm thar thréimhse 20 bliain i naoi gcinn de réimsí gnímh éagsúla. Chuige sin, feictear dom go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an dtréimhse phleanála atá ar siúl ag an ionad straitéise i mo Roinn, i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara, faoi na grúpaí oibre atá bunaithe leo agus a bhfuil léargas tugtha agam ina leith. Tá mé ag súil le toradh críochnaitheach ar an bpróiseas seo go luath. Tá mé ag tnúth leis go mbeidh cinntí críochnúla ón Rialtas i leith na gcúrsaí seo le fógairt go luath, ní hamháin maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise ach fosta faoin mbealach ina socrófar teorainneacha na Gaeltachta sa todhchaí.

Maidir leis an nGaeltacht féin, cé gur oth liom é a rá, is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach d'aon duine breathnú ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht i láthair na huaire. Ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, tá taithí phearsanta agam féin ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht le tamall de bhlianta anuas. Léirigh an staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuiltear iompaithe go mór i dtreo an Bhéarla sa Ghaeltacht agus go bhféadfadh nach mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht ach ar feadh 15 nó 20 bliain eile mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú. Dá bhrí sin, teastaíonn ón Rialtas gníomh fónta a dhéanamh faoin straitéis 20 bliain chun todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a shlánú i gcomhar leis an bpobal ar an talamh gur leo an teanga. Mar atá ráite faoin straitéis, tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag an leibhéal pobail lárnach le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. I bhfianaise an taighde faoin staidéar teangeolaíochta, bheinn báúil don choincheap go ndéanfaí foráil faoi Bhille Gaeltachta nua do shainmhíniú reachtúil ar an nGaeltacht a bheadh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha, le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair atá bunaithe ar limistéir shonracha gheografacha. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaí stádas reachtúil a thabhairt faoi Bhille Gaeltachta do cheantair Gaeltachta le próifíl theangeolaíoch éagsúil acu. Bheadh cur chuige mar seo ag teacht go ginearálta le moltaí na straitéise agus le moltaí an staidéir teangeolaíochta.

Sa chomhthéacs seo, níl aon dabht ach go bhfuil an-obair déanta ag Údarás na Gaeltachta ón uair a bunaíodh é sa bhliain 1980, ag freagairt agus ag fógairt fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, creidim gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht shubstaintiúil a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a chinnteadh go leanfar leis an obair sin chun an pobal a choinneáil sa Ghaeltacht. Go deimhin, tá taithí phearsanta agam ar obair an Údaráis le blianta fada, mar ionadaí pobail do Dhún na nGall Thiar Theas, dáilcheantar a bhfuil limistéar substaintiúil Gaeltachta ann, agus tá moladh tugtha agam go minic don údarás as an méid atá bainte amach aige chun deiseanna fostaíochta fiúntacha a chruthú na Gaeltachta.

In ainneoin go mbeidh fáil ag an údarás a theacht ar €6 mhilliún breise óna chuid eacmhainní féin in mbliana a bheidh mar chuidiú don eagraíocht a chuid spriocanna infheistíochta a bhaint amach sa Ghaeltacht, aithním go bhfuil an aeráid eacnamaíochta reatha atá ann faoi láthair ag cruthú deacrachtaí suntasacha don eagraíocht. Is sa chomhthéacs sin a bhfuil an Rialtas, faoin gcoiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag déanamh athbhreithniú ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta i gcomhthéacs fheidhmiú na straitéise.

Mar is eol do chách, níl an dara rogha ag an Rialtas, mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch ina bhfuilimid san am i láthair, ach athbhreithniú a dhéanamh ar gach uile líne caiteachais. Ar ndóigh, ní féidir aon réimse a fhágáil ar lár ón athbhreithniú caiteachais cuimsithigh atá ar siúl ag Ranna Rialtais faoi láthair, réimse na Gaeilge san áireamh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a athdhearbhú go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an gcloch is mó ar an phaidrín agamsa mar Aire Stáit. Aithním go mbeidh an bóthar atá romhainn amach achrannach, mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch ina bhfuil an tír. Geallaim don Teach seo, a Leas-Cheann Comhairle, go ndéanfaidh mise mo dhícheall mar Aire Stáit ar mhaithe le teacht i gcabhair ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, chomh maith leis an Aire, cé go gcaithfimid a aithint nach féidir linne fanacht slán ón anfa eacnamaíoch atá ag séideadh san am i láthair agus a bhfuil impleachtaí aige dúinn uile go léir.

In ainneoin sin, tá mise dóchasach go ndéanfaimid dul chun cinn suntasach faoin gclár Rialtais chun infheistíocht fhiúntach a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht faoin Straitéis 20 Bliain. Ar ndóigh, tá iliomad eagraíochtaí ag saothrú i ngort na Gaeilge. Tá sé thar a bheith tábhachtach, mar sin, go mbeadh na heagraíochtaí seo uile ag obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an straitéis a chur i gcrích. Tá sé seo níos tábhachtaí ná riamh san aeráid eacnamaíoch reatha agus acmhainní airgeadais an Stáit chomh tearc agus atá san i láthair.

Mar atá ráite cheana agam, is cúis sásaimh dom tiomantas pearsanta an Taoisigh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus tá mé cinnte go mbeidh sé sin ina chuidiú mhór dúinn agus an obair seo á cur chun cinn. Ó mo thaobh féin de, tig liom a dhearbhú go mbeidh mise mar Aire Stáit ag obair go dlúth agus go dícheallach leis an Aire, an Teachta Deenihan, agus leis an gcoiste Rialtais san am amach romhainn chun spriocanna insheachadta na straitéise a chur i gcrích ar bhonn éifeachtúil ó thaobh costais de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.