Dáil debates

Thursday, 26 May 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

11:00 am

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)

Fáiltím roimh an deis tús a chur leis an bplé sa Teach inniu ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil an-áthas orm a bheith ceaptha mar Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cé nach bhfuil mé líofa sa Ghaeilge, tá spéis ar leith agam sa teanga agus táim ag obair go dlúth leis an Aire Stáit i mo Roinn, Dinny McGinley. Mar is eol daoibh, is fear de bhunú na Gaeltachta é an tAire Stáit a bhfuil tuiscint ar leith aige ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta. Níl aon dabht agam ach go bhfuil sé go maith in ann déileáil leis na dúshláin atá roimhe ina ról mar Aire Stáit agus freagracht speisialta aige do ghnóthaí Gaeltachta.

Is í an obair is mó atá idir lámha ag mo Roinn maidir leis an nGaeilge ná an Straitéis 20 Bliain. Mar is eol daoibh, tá an príomh-chúram ar mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise. Beidh mise agus an tAire Stáit ag obair go dian dícheallach chun feidhm a thabhairt do na moltaí éagsúla atá sa Straitéis. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don dea-obair a rinneadh sa Teach seo chun an Straitéis a fhorbairt. Tá a fhios agam go raibh dua mór ag baint leis an obair sin.

Chabhraigh sé go mór go raibh tacaíocht ar fáil ó na páirtithe polaitiúla difriúla sa Teach seo agus sa Seanad. Tá súil agam go leanfaidh an chomhoibriú seo idir na páirtithe polaitiúla maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ar an dara dul síos, tá mise an-sásta go bhfuil tacaíocht an Rialtais tugtha don Straitéis ón tús. Tá sé luaite go sonrach i gClár an Rialtais go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta sa Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá tacaíocht an Taoisigh tugtha don Straitéis ón gcéad lá freisin. Tá súil agam go spreagfaidh an dea-shampla seo tacaíocht don Straitéis i measc an phobail i gcoitinne.

Tuigimid go léir cé chomh tábhachtach agus atá an Ghaeilge chun muid fein mar náisiún a chur in iúl don domhan. Go deimhin, chonaic muid Banríon na Breataine Éilís II agus Uachtarán Mheiriceá Barack Obama ag úsáid cúpla focal i nGaeilge agus iad ar cuairt anseo le déanaí. \s cinnte gur féidir linn a bheith bródúil go bhfuil an Ghaeilge fós beo sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Táim an-dóchasach go n-éireoidh linn go leor a dhéanamh sna blianta amach romhainn faoin Straitéis 20 Bliain in ainneoin deacrachtaí airgeadais na tíre faoi láthair. Mar Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, is féidir liom a rá go mbeidh mise ag tacú a mhéid is féidir chun an obair sin a chur chun cinn. Ba mhaith liom anois iarraidh ar an Aire Stáit léargas níos iomláine a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá tacaíocht an Taoisigh tugtha don straitéis ón gcéad lá freisin. Tá súil agam go spreagfaidh an dea-shampla seo tacaíocht don straitéis i measc an phobail i gcoitinne.

Tuigimid go léir cé chomh tábhachtach agus atá an Ghaeilge chun muid fein mar náisiún a chur in iúl don domhan. Go deimhin, chualamar Banríon na Breataine, Eilís II, agus Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, ag úsáid cúpla focal Gaeilge agus iad ar cuairt anseo le déanaí. Is féidir linn bheith bródúil go bhfuil an Ghaeilge fós beo sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Tá mé an-dóchasach go n-éireoidh linn go leor a dhéanamh sna blianta amach romhainn faoin straitéis 20 bliain in ainneoin deacrachtaí airgeadais na tíre faoi láthair. Mar Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tabharfaidh mé an méid tacaíochta is féidir chun an obair sin a chur chun cinn. Iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta Mac Fhionnlaoich, léargas níos iomláine a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an straitéis a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.