Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)

Tá sé suntasach an méid Baill a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Léiríonn sin go bhfuil ard leibhéal suime sa Teach. Gabhaim buíochas don Chathaoirleach as ucht an deis a thabhairt dom cúpla focal a rá. Tréaslaím leis an Aire agus leis an iar-Aire, an Teachta Ó Cuív, de bharr na cinnireachta praiticiúla a thug siad don straitéis. Molaim na baill ar fad den chomhchoiste, roinnt mhaith acu a labhair anseo cheana, mar gheall ar an obair dhíograsach a rinne siad ar an tuarascáil a foilsíodh i mbliana.

Is iomaí díospóireacht a tharla sna Tithe seo tríd na blianta ar stádas agus ar thodhchaí na Gaeilge. Cé go raibh fiúntas iontu ar fad, tá céim mhór chun tosaigh á glacadh againn le foilsiú na dréacht-straitéise. Déanaim chomhghairdeas leis an Taoiseach agus le baill an choiste Rialtais a rinne dianobair ar an straitéis. Léiríonn an obair ar fad a rinneadh le dhá bhliain anuas go bhfuil dáiríreacht nua i dtaobh stádas agus neartú na Gaeilge le feiceáil sna Tithe anseo.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis ná líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a mhéadú ó 75,000 go dtí 250,000 i gceann 20 bliana. Cuirtear béim ar an dátheangachas lasmuigh den Ghaeltacht agus moltar go láidir an Ghaeilge amháin a fhorbairt mar phríomtheanga na ndaoine sna ceantair Ghaeltachta. Sa chomhthéacs sin, moltar sa straitéis go dtabharfaí dualgais nua agus cumhachtaí nua d'Údarás na Gaeltachta. Tá sé riachtanach go mbeadh ról lárnach ag an údarás i gcúrsaí pleanála, tithíochta agus infheistíochta ginearálta sa Ghaeltacht.

Mar dhuine, áfach, a rugadh agus a chaith mo shaol i gCill Dara, tá suim faoi leith agam sa straitéis agus an tionchar a bheidh aici ar thodhchaí na Gaeilge i gceantair cosúil le m'áit dúchais féin. Tá sé ceart go gcuirtear béim ar an oideachas, an tomoideachas ach go háirithe, sa phlean nua. Is maith is cuimhin liom agus mé i mo dheagóir i gCill Dara sna 1970s an t-iontas agus, uaireanta, an naimhdeas a mhothaigh mé ó mhuintir na háite agus mé ag dul timpeall le slua daoine óga ag labhairt na Gaeilge agus ag gníomhú go fonnmhar ar son Ógrais, eagras na n-óg Chonradh na Gaeilge. In ainneoin ár neamhurchóideachas agus ár n-idéalachas ag an am, níor chreid duine ar bith againn go dtiocfadh an lá chomh luath sin is go mbeadh cúrsaí mar atá anois i gCondae Chill Dara, le sé bhunscoil agus Ghaelcholáiste ag feidhmiú. I gCill Dára, tá 1,623 dalta ag fáil bunoideachais trí mheán na Gaeilge agus 200 eile ag freastal ar an scoil dara leibhéal nuabhunaithe. Is dul chun cinn iontach sin.

Is é an fás iontach sin ar líon na nGaelscoileanna ó cheann ceann na tíre a thugann dóchas dom mar gheall ar an teanga. Is ceart agus is cóir don Rialtas agus don Roinn Oideachais agus Scileanna leanúint ar aghaidh leis an tacaíocht atá curtha ar fáil do thuismitheoirí ag a bhfuil an suim agus an fuinneamh scoileanna nua a bhunú. Caithfimid a thabhairt san áireamh gurb ó na tuismitheoirí don chuid is mó a thagann an iarracht na scoileanna seo a bhunú.

Ní leor na Gaelscoileanna amháin a lua. Tá gá ann stádas agus caighdeán na Gaeilge a neartú agus a fheabhsú sna gnáthscoileanna náisiúnta agus sna meánscoileanna. Tá sé ceart go n-aithníonn an straitéis an gá atá ann le cúrsaí rialta do mhúinteoirí na Gaeilge ag gach leibhéal. Moladh sa straitéis go mbeadh scolaireachtaí Gaeltachta ar fáil do mhúinteoirí atá cáilithe cheana féin. Tá sin tábhachtach, ní amháin i gcomhthéacs chaighdeán na Gaeilge sna scoileanna, ach ó thaobh an mheoin atá á léiriú ag múinteoirí dá ndaltaí i leith na Gaeilge. Is é meon na múinteoiri agus na dtuismitheoirí a imríonn an tionchar is mó ar pháistí agus iad ag tabhairt futhu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Tacaím go láidir leis an straitéis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.