Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)

Tá áthas orm an Teachta Feighan a fheiceáil anseo mar aontaím leis an Teachta O'Dowd nuair a labhrair sé faoi na seantuairimí atá ag roinnt daoine. Cuireadh dearcadh in iúl dúinn i rith an tsamhraidh maidir leis an Teachta Feighan, agus dá mbeadh an dearcadh sin go forleathan, ní bheadh Gaeilge ar bith ann a thuilleadh. Caithfimid an dearcadh sin a chaitheamh amach agus caithfidh gach duine fáilte a chur roimh an iarracht atá déanta ag an Teachta Feighan agus an spreagadh a chuireann sé in iúl don phobal. Tá sin an-tábhachtach, beidh a lán daoine ag breathnú ar an Teachta agus ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar gheall air.

Ba mhaith liom tacú leis an straitéis agus fáilte a chur roimpi. Céim shuntasach í maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Tá a lán oibre déanta ag an Aire, ag an Rialtas agus ag an Roinn agus tá macnamh le feiceáil inti. Níl aon amhras ach gur straitéis chuimsitheach í. Tá an straitéis leagtha amach go soiléir agus is féidir é a chur chun cinn go mall éifeachtach mar is straitéis fhada í.

Beidh aonad straitéise sa Roinn agus tugaim tacaíocht dó. Ní bheinn ag iarraidh a fheiceáil an Roinn díbeartha ón Rialtas. Beidh sé d'fheidhm ag an aonad seo straitéis na Gaeilge a chur i bhfeidhm agus beidh daoine istigh ann ag obair go speisialta air seo agus is an-tacaíocht agus an-chabhair don Ghaeilge í an straitéis.

Tá áthas orm go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sna scoileanna mar tá an-tábhacht ag baint leis sin. Tá tábhacht freisin ag baint leis na naíonraí; tá a fhios againn go léir an tábhacht a bhaineann le Gaelscoileanna ach tá rud céanna fíor ó thaobh na naíonraí freisin. Tá naíonraí i mo dháilcheantar agus d'fhreastal mé ar naíonra Gaelach agus tá an-mhaitheas ag teacht astu.

Is deas a fheiceáil go mbeidh níos mó teagmhála idir an Roinn agus na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht. I mo dháilcheantar féin, i mBaile Ghib, beidh seo an-tábhachtach mar tá muintir na háite chun cosáin, soilse agus mar sin a chur ar fáil. Dá mbeadh comhoibriú idir an Roinn agus an chomhairle condae, bheadh níos mó dul chun cinn ann. Tá a fhios ag an Aire cad tá ag teastáil ó Chumann Lúthchleas Gael Wolfe Tone sa Ghaeltacht i mo dháilcheantar agus tá áthas orm gur thug sé cuairt don cheantar sin i mblianan.

Tá a lán Gaelscoileanna i mo dháilcheantar fosta, i nDún Búinne, i nDún Seachlainn, i gCill Dhéagláin, agus tá Gaelscoil an Bhradáin Feasa ann freisin, scoil ar fhreastal mé ar an bhórd bainistíochta. Níor thug an Rialtas nó an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas do Ghaelscoil Rath Tó. Tá tábhacht ag baint leis an Ghaelscoil sin, atá ag múineadh na ndaltaí ansin, agus tá cás déanta ag an scoil aitheantas a fháil. Dá rachadh an tAire i dteagmháil leis an Aire Oideachais agus Scileanna, bheinn sásta. Tá tábhacht ag baint le meánscoil in oirthear na Mí, in aice le Gaelscoil an Bhradáin Feasa agus tá an Roinn Oideachas ag labhairt faoi sin faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.