Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Is rud tábhachtach é go mbíonn díospóireachtaí as Gaeilge sa Teach nó go mbíonn muid ag caint faoin Ghaeilge agus chúrsaí teanga. De gnáth, bhíodh díospóireacht mar seo againn gach bliain thart faoi Lá le Pádraig agus bhíodh na horáidí ag an am sin mar standard speeches for standard dates. B'fhéidir gur rud maith é go raibh na díospóireachtaí sin againn, ach i ndáiríre, má tá muid chun athrú a fháil maidir le cúrsaí Gaeilge, tá sé an-tábhachtach go mbeidh straitéis fad-aimsearach againn, mar atá againn anseo.

Tá rudaí maithe sa straitéis, ach tá rudaí áirithe eile inti nach naontaíonn Fine Gael leo. Ba mhaith liom díriú isteach ar chuid de na rudaí sin. Tá tuariim láidir ag Fine Gael go gcaithfimid féachaint arís ar an cheist faoi Ghaeilge a bheith éigeantach. Measann Fine Gael go mba chóir go mbeadh rogha ag scoláirí i ndiaidh na meánteiste i dtaobh an Ghaeilge agus nach ceart go mbeadh se éigeantach í a thógaint. Bhí mé ag éisteacht le Páidi ó Lionáird ar an chlár "Seacht Lá" le déanaí agus chuala me é ag rá go mbeadh deireadh leis an Ghaeilge murach an Ghaeilge a bheith éigeanteach. Ní réitím le sin ar chor ar bith, mar tá teipthe ar an pholasaí sin. Má theastaíonn uainn go léir go mbeadh Gaeilge á húsáid go forleathan mar gnáth teanga laethúil, caithfimid féachaint ar an teanga le fealsúnacht eile. Caithfimid daoine a mhealladh isteach chun Gaeilge a labhairt agus chun freastal ar an Ghaeltacht. Caithfimid iad a mhealladh isteach i gnó cultúrtha na tíre.

Tá sé de cheart agamsa labhairt faoi seo mar tógadh i dteach Gaelach mé agus ó d'fhás mé aníos, téim go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Tuigim fadhbanna na Gaeltachtaí agus creidim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh na Gaeltachtaí ann i gcónaí. Táimse i mo chónaí i mbaile mór i gContae Lú agus tá an tAire ina chónaí ar an gcósta thoir chomh maith, sa chathair. Sa taobh seo tíre, ní bhíonn aon Ghaeilge ag an chuid is mó de na páistí a fhreastalaíonn ar na scoileanna. Ní hamháin sin, ach i gcuid de na scoileanna tá suas le 35% de na daltaí nach bhfuil an Béarla acu mar máthairtheanga ach oiread. Tá athruithe móra ag tarlú timpeall na tíre, go mór mór ar an chósta thoir agus níl mórán Gaeilge ag cuid mhaith de an daltaí agus iad ag fágaint na scoile. Muna dtarlaíonn athrú de shaghas éigin, leanfaidh an scéal sin ar aghaidh agus éireoidh sé níos measa. Mar a deireann muid i Fine Gael, má bhíonn an Ghaeilge bríomhar agus má mhealltar isteach daltaí, roghnóidh siad an Ghaeilge don ardteist. Ní tharlaíonn sin faoi láthair.

Tá cultúr saibhir ag baint leis an Ghaeilge agus ba chóir modhanna múinte níos fearr a úsáid, go háirithe sna bunscoileanna. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó béime ar an Ghaeilge nuair a thosaíonn páistí ar scoil. Dúradh ag an Coiste um Oideachais agus Scileanna inniu go raibh an Ghaeilge ag teacht isteach ró-dhéanach san curaclam do pháistí. Tá athrú pholasaí ag teastáil maidir le sin.

Is my time up?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.