Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

3:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)

Cuirim fáilte roimh an straitéis seo. Bhí díospóireacht maith againn leis na hAirí, an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Pat Carey, ag an gcoiste. Is maith an rud é go bhfuil sé molta go bhfuil gá ann níos mó béime a chur ar an teanga labhartha. Aontaím freisin gur cheart go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag plé le cúrsaí pleanála agus tithíochta. Is dóigh liom go bhfuil an údarás an-éifeachtach agus é ag plé le deontaisí tithe agus, go háirithe, cúrsaí tionsclaíochta. Tá an-comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus na comhairlí contae, i gContae na Gaillimhe ar aon nós. Is maith an rud é go mbaineann moladh eile le work experience programmes a chur ar fáil do mic léinn sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí teicneolaíochta. Moltar freisin gur chóir ábhar nua - "Irish Arts and Literature" - a sholáthar sna scoileanna dara leibhéal.

Chuir an Aire an-béim ar an airgead atá ag dul go dtí an iarthar, go háirithe go dtí Contae na Gaillimhe agus cathair na Gaillimhe. Ar ndóigh, tá go leor postanna tacaithe ag turasóirí agus daoine a théann go dtí an Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoglaim. Tiománann an Ghaeilge cúrsaí turasóireachta. Molaim an fochoiste. Caithfidh mé seans a thabhairt don Teachta Mattie McGrath. Ta súil agam go mbeimid in ann níos mó díospóireachtaí a eagrú sa Teach seo agus sa Seanad. Tá sé sin molta sa straitéis freisin. Aontaím gur féidir linn níos mó béim a chur ar na hábhair a dhéanann múinteoirí óga sna coláistí traenála. Ta súil agam go mbeidh na scoláirí in ann freastal ar an nGaeltacht agus an Ghaeilge a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.