Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

1:00 pm

Photo of Frank FeighanFrank Feighan (Roscommon-South Leitrim, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an Aire. Cuirim fáilte roimhe go dtí an Dáil inniu. Tá ard-mheas agam ar Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, na gaelscoileanna agus na heagraíochtaí Gaeilge eile ar fud na tíre. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine a thug cabhair dom le déanaí. Tá mé ag obair leis na heagraíochtaí chun an plean 20 bliain a chur chun cinn. Tá go leor rudaí i gceist sa straitéis, ar nós cursaí oideachais, an Ghaeltacht, an Ghaeilge sa mbaile, riaracháin seirbhísí don phobal agus teicneolaíocht. Tá an liosta fada. Caithfimid tacaíocht a thabhairt d'oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Déanfar athstruchtúrú ar Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaireacht náisiúnta Gaeilge. Tá Fine Gael ag tabhairt lán-tacaíocht don straitéis. Creideann Fine Gael gur chóir athruithe móra a dhéanamh sa chóras oideachais. Ba cheart béim mhór a chur ar an nGaeilge sa chóras. Tá gá le dearcadh dearfach nua ar an nGaeilge sa chóras oideachais sa todhchaí.

Tá scéim phíolótach agam le haghaidh Oileán Chliara. Chuaigh mé go dtí an oileán sa samhradh. Labhair mé le muintir an oileáin. Tá siad an-mhaith. Tá iarrachtaí éagsúla i gceist sa scéim phíolótach seo. Táimid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar Oiléan Chliara. If I may say so, is é seo an bealach chun cinn le haghaidh na céadta míle daoine, cosúil liom, nach bhfuil ach cúpla focal acu. Tá súil agam go gcabhróidh an scéim phíolótach le turasóireacht ar an oileán. Beidh eolas ag turasóirí faoi nósanna, cultúr agus oidhreacht an oileáin. Ta mé ag foghlaim Gaeilge. Tá feabhas ag teacht orm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.