Dáil debates

Thursday, 18 November 2010

Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge: Ráitis

 

1:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Ar an gcéad dul síos, is mór agam an deis seo a fháil labhairt anseo sa Dáil inniu ar an ábhar seo. Don chéad uair riamh ó bunaíodh an Stát, tá plean gníomhaíochta fadtéarmach ann chun fís an Rialtais don Ghaeilge a chur i bhfeidhm faoin straitéis 20 bliain. Faoin bplean cuimsitheach náisiúnta seo, beidh cur chuige córasach ann le cinntiú go bhfuil an Stát, na heagraíochtaí teanga agus an pobal ag obair as lámha a chéile ar mhaithe leis an nGaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha phobail, tá an Ghaeilge áirithe ar cheann de na teangacha is sine ar domhan atá fós beo. Ach sa lá atá inniu ann, tá sí áirithe ag UNESCO mar theanga a bhfuil stádas leochaileach aici. Má chailltear teanga, aithnítear go bhfuil sé ionann is dodhéanta í a athbheochan. Cé gur deacair a mhaíomh go bhféadfadh aon straitéis rialtais aon teanga a shlánú, tá bun-chloch leagtha amach faoin straitéis 20 bliain le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo le tacaíocht ón Stát.

Mar is eol don Teach, bhí go leor obair ullmhúcháin ag baint le dréachtú agus le haontú na straitéise. D'eascair an straitéis as ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 2006, inar dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leagadh síos go soiléir faoin ráiteas sin an bhun-chloch ar a bhfuil polasaí Gaeilge an Rialtais bunaithe. Is minic a dúradh roimhe sin, áfach, nach raibh aon phlean uileghabhálach ag an Stát don Ghaeilge, in ainneoin na hinfheistíochta ar fad atá déanta ag an Stát i mbuanú agus i sealbhú na Gaeilge thar na blianta. Is chun dul i ngleic leis an scéal sin gur chinn an Rialtas an straitéis 20 bliain a fhorbairt.

Ar ndóigh, bhí sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí a leithéid de straitéis i dtoll a chéile i gcomhar leis an bpobal gur leo an teanga. Dá bhrí sin, tugadh faoi phróiseas comhairliúcháin poiblí chun deis a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne a bhfuil suim acu sa teanga, a rian a fhágáil ar an straitéis. Eagraíodh cruinnithe poiblí ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht, chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt. Ina theannta sin, chuamar i gcomhairle le páirtithe leasmhara na teanga, idir eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta, cultúrtha, spóirt agus araile. Fad is a bhí an obair chomhairliúcháin ar siúl, rinne meitheal de shaineolaithe idirnáisiúnta anailís ar staid na Gaeilge, faoi stiúir Fiontar DCU. Ó thaobh na Gaeltachta de, tugadh aird ar leith ar na moltaí a rinneadh sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a ullmhaíodh i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ag an am céanna, bhí coiste Rialtais, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ag déanamh breithniú ar na moltaí a d'éirigh as taighde acadúil agus ón bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

Cuireadh an dréacht-straitéis a d'eascair as an bpróiseas seo faoi bhráid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i mí na Samhna 2009. Bhí cruinnithe ag an gcomhchoiste le páirtithe leasmhara na Gaeilge, san áireamh cruinniú a reáchtáladh sa Ghaeltacht. I ndiaidh na gcruinnithe seo, d'fhoilsigh an comhchoiste tuarascáil i mí lúil na bliana seo ina raibh 37 moladh inti. Ó shin i leith, pléadh na moltaí sin leis na Ranna Rialtais éagsúla agus tá siad tógtha san áireamh de réir mar is cuí sa cháipéis chríochnúil den straitéis.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste, leis an gCathaoirleach, An Teachta Tomás Ó Ceit, leis an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, a bhí mar Chathaoirleach ar an bhfochoiste, agus leis na baill eile as ucht a ndúthracht i dtaca leis an straitéis. Tá sé ráite ag an gCathaoirleach i dtuarascáil an chomhchoiste go bhfuil an straitéis ar cheann de na céimeanna is suntasaí i bpleanáil teanga an Stáit le 90 bliain anuas agus go mbraitheann todhcaí na Gaeilge ar an nGaeltacht, áit a bhfuil an Ghaeilge mar phríomh-theanga an phobail.

Go deimhin, is mór an t-éacht é go bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga phobail sa Ghaeltacht i bhfianaise an bhrú atá uirthi ó ghach aon taobh. Is sna Gaeltachtaí a maireann teanga shaibhir ár sinsear ach ní mór a bheith airdeallach faoina todhchaí mar theanga phobail. Tá fianaise sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuil an chontúirt ann go mbeidh an Ghaeilge sínte ar leac an bháis mar theanga phobail mura ndéantar beart de réir briathair láithreach bonn, ach go háirithe i measc an aosa óig sa Ghaeltacht. Tá úsáid an Bhéarla i réim i ngréasáin shóisialta na n-óg, fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta. Léiríonn an staidéar teangeolaíoch go bhfuil bearna mhór idir dearcadh agus cumas Gaeilge daoine óga sa Ghaeltacht agus an leas a bhaineann siad as an teanga ar bhonn laethúil.

Deirtear sa staidéar teangeolaíoch gurb é an teaghlach a chruthaíonn an cainteoir dúchais ach gurb é an teacht le chéile i measc an phobail a chinnteoidh forbairt agus buanú na teanga don chéad ghlúin eile. Léiríonn fíric lom sa staidéar teangeolaíoch nach bhfuil ach idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Tá mo Roinnse ag dul i ngleic leis na dúshláin seo le tionscadail ar nós scéim na gcampaí samhraidh agus scéim na gcúntóirí teanga. Is cinnte go dtógfaidh an straitéis 20 bliain ar an mbunchloch sin i gcomhar le pobal na Gaeltachta. Is tobar inspioráide, líofachta agus saibhris teanga atá sa Ghaeltacht do phobal labhartha Gaeilge na tíre agus is tacaíocht don Ghaeltacht atá sa phobal níos leithne de chainteoirí Gaeilge. Mar a deir an seanfhocal: "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine". Faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, is ar scáth a chéile a shlánófar an teanga.

Tá uair na cinniúna tagtha anois ó thaobh na straitéise de. Ag an gcruinniú den choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht inné, aontaíodh an straitéis chríochnúil. Is í an chéad chéim eile ná an straitéis a chur os comhair an Rialtais le ceadú, agus, ach í a bheith ceadaithe, í a fhoilsiú go foirmiúil ansin. Mar Aire, táimse ag súil go gcuirfear na bearta sin i gcrích go luath. Ina dhiaidh sin, beidh tábhacht ach go háirithe ag baint le tréimhse bhunaithe na straitéise ina mbeidh na struchtúir eagraíochta agus oibríochta le cur ar bun. Tá sé riachtanach a chinntiú go mbeidh bunchloch mhaith faoin straitéis sula gcuirtear tús leis an tréimhse fheidhmithe. Mar an phríomh-Roinn Rialtais a bhfuil cúraimí uirthi sa réimse seo, beidh mo Roinnse freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála straitéise. Beidh ról ag Údarás na Gaeltachta, mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an straitéis a sheachadadh. Chomh maith leis sin, leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a chuid freagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge ar bhonn uile-oileánda.

I bhfianaise na géarchéime eacnamaíche reatha, caithfear a aithint go bhfuil srian leis na hacmhainní gur féidir a dháileadh don straitéis faoi láthair. Cé nach aon áibhéil a rá go bhfuilimid ag maireachtáil in aimsir dhúshlánach, is deis atá ann freisin breathnú go fuarchúiseach ar na hacmhainní atá leithdháilte don Ghaeilge san am i láthair sa chaoi is gur féidir a chinntiú go bhfuil an leas is fearr bainte astu agus go bhfuil an luach is fearr ar airgead faighte uathu.

Deirtear gur beatha teanga í a labhairt. Cé gur féidir leis an gcóras Stáit iliomad gníomhartha a thógáil ar mhaithe leis an nGaeilge, ag deireadh an lae is faoin bpobal atá sé í a labhairt. Faoin straitéis 20 bliain, is gá don Stát, do na heagraíochtaí deonacha agus don phobal obair as lámha a chéile ar mhaithe le buanú na teanga. Sa chomhthéacs seo, tá ról ag gach rannóg Stáit agus ag páirtithe leasmhara na Gaeilge i normalú na teanga sa tsochaí lasmuigh den Ghaeltacht agus i dtacaíocht a thabhairt do chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail agus mar theanga theaghlaigh sa Ghaeltacht. Léiríonn an daonáireamh go bhfuil cumas áirithe i labhairt na Gaeilge ag 42% de dhaonra na hÉireann agus léiríonn suirbhéanna éagsúla go bhfuil dearcadh dearfach i leith ár bpríomh-theanga náisiúnta ag sciar suntasach den daonra. Tugann an straitéis 20 bliain deis don Stát tógáil ar an dea-thoil agus ar an dearcadh dearfach i leith na teanga atá neadaithe i measc an phobail go ginearálta.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh na ndeiseanna atá ar fáil don phobal an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an gcóras Stáit. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a leagann dualgais reachtúla ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí i nGaeilge a sholáthar don phobal. Tuigeann comhlachtaí poiblí anois gur ann do phobal na Gaeilge agus gur mian leo leas a bhaint as seirbhísí i nGaeilge ach iad a bheith ar fáil ón Stát. Ar ndóigh, ní fiú seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil mura mbíonn éileamh orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbaineann lucht labhartha na Gaeilge leas as na deiseanna atá ann faoin Acht Teanga agus seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh ón Státchóras. Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí deonacha atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge in úsáid leanúnach a bhaint as na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge atá curtha ar fáil cheana féin ag comhlachtaí poiblí agus chomh maith leis sin chun pobal labhartha na Gaeilge a spreagadh leis na seirbhísí sin a úsáid agus tuilleadh a éileamh. Ná bíodh sé le rá ag comhlachtaí poiblí go bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil gan éileamh ar bith orthu. Sin an dúshlán atá romhainn uilig inniu. Tá sé mar sprioc ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a mhéadú ón bhfigiúr reatha de 83,000 duine go 250,000 duine as seo go ceann 20 bliain. Maidir leis an nGaeltacht, tá sé mar sprioc ag an straitéis líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú freisin. Is é an cur chuige faoin straitéis ná go mbeidh creatlach thacaíochta ann chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh go nádúrtha ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach agus den phobal. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo i gcomhthéacs na Gaeltachta. Leanann úsáid teanga as cumas, deis agus dearcadh dearfach i leith na teanga. Dá bhrí sin, tá cur chuige an Rialtais faoin straitéis dírithe ach go háirithe ar chumas an phobail sa teanga a fheabhsú, ar na deiseanna úsáidte teanga atá ag an bpobal a mhéadú agus ar dhearcadh dearfach i leith na Gaeilge a chothú.

Ós rud é go sealbhaítear an teanga tríd an gcóras oideachais go príomha lasmuigh den Ghaeltacht, tá tábhacht ar leith ag baint leis an ról atá ag múinteoirí agus ag scoileanna i bhfeasacht teanga. Caithfidh an córas oideachais a bheith i gceartlár an aonaigh chun an cumas teanga i measc an phobail a ghiniúint ar a bhfuil an straitéis bunaithe. Sa chomhthéacs seo, cabhraíonn na céimeanna atá glactha ag an Aire Oideachais agus Scileanna chun na marcanna do chumas labhartha sa Ghaeilge a mhéadú sa teastas sóisearach agus san ardteistiméireacht. Is léir, áfach, go bhfuil sé riachtanach úsáid na Gaeilge lasmuigh de gheataí na scoile a mhéadú. Aithnítear sa straitéis an ról atá ag na coláistí samhraidh chun daoine óga a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid. Is é seo ceann de na scéimeanna is tábhachtaí atá á riar ag mo Roinnse. I mbliana d'fhreastail beagnach 25,000 foghlaimeoir ar na coláistí samhraidh. Ní hamháin go gcabhraíonn na coláistí samhraidh leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an aosa óig ar fud na tíre, ach is infheistíocht shuntasach iad san eacnamaíocht áitiúil sna ceantair Ghaeltachta freisin.

Mar is eol don Teach, tá an tír ar an ngannchuid ó thaobh acmhainní airgeadais de. Ní cóir é seo a úsáid, áfach, mar chonstaic in éadan cur i bhfeidhm na straitéise. Is fiú cuimhneamh go bhfuil dea-thoil an phobail i leith na Gaeilge chomh tábhachtach céanna is atá acmhainní airgeadais. In éagmais dhea-thoil an phobail, is beag a d'fhéadfaí a chur i gcrích go héifeachtach. Is tuar dóchais don todhchaí í an tacaíocht tras-pháirtí a tugadh don straitéis sna díospóireachtaí Dála agus Seanaid go dtí seo. Dá bhrí sin, tá dóchas láidir agam go mbeidh cur i bhfeidhm na straitéise as seo go ceann 20 bliain mar thosaíocht Rialtais, beag beann ar cibé páirtí nó páirtithe a bheidh i gcumhacht le linn na tréimhse sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.