Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

9:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Mar a dúirt mé níos luaithe, is í aidhm an Bhille seo ná síneadh a chur le tréimhse oifige bhord reatha Údarás na Gaeltachta. Ciallóidh sé seo go mbeidh leanúnachas ann le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach don eagraíocht, nuair a bheidh leasuithe maidir lena cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr á mheas. Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin, tugtar tréimhse cheithre bliana ar a laghad do bhaill tofa an Údaráis. Ní shílim go mbeadh sé cuí, sa chomhthéacs atá i gceist leis an reachtaíocht seo, é sin a laghdú mar atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh. Sa reachtaíocht chéanna, is é cúig bliana go leith an tréimhse is faide idir thoghcháin don bhord. Dá nglacfaí leis an leasú atá molta ag an Teachta, bheadh athrú substaintiúil déanta ar an mBille, rud a chuirfeadh comhartha ceiste maidir le bailíocht na mball tofa tar éis 2 Deireadh Fómhair 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.