Dáil debates

Tuesday, 6 July 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

9:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tairgim leasú a 1:

In page 6, before section 1, to insert the following new section:

1.—Section 28(1) of the Údarás na Gaeltachta Act 1979 is amended by the deletion of "four years", and its replacement with "one year".".

Luaigh mé an leasú cuíosach simplí seo nuair a labhair mé ar an Dara Céim. Tá mé ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil an daonlathas á chur ar athló againn. Ní cheart dúinn an toghchán a chur siar níos faide ná mar is gá. Is féidir linn an toghchán a eagrú roimh 1 Deireadh Fómhair i mbliana. Thabharfadh sé sin deis do phobal na Gaeltachta údarás nua a thoghadh. Molaim gur féidir an údarás nua a scoir taréis bliana, más gá, nó aon am suas go dtí cúig bliana go leith, mar atá sa reachtaíocht cheana féin. Mar a luaigh mé, nuair a chaith muintir na Gaeltachta a chuid vótaí chun an údarás reatha a thoghadh, thuig siad go mbeadh na baill in áit le haghaidh tréimhse áirithe, agus go gcríochnódh an tréimhse sin roimh Deireadh Fómhair 2010. Rinneadh conradh leis an bpobal nuair a chuaigh daoine ag vótáil i 2005.

Chomh maith leis sin, bhí conradh déanta leis na baill a bhí tofa go mbeidís in oifig ar feadh cúig bliana go leith. Mar a gcéanna, nuair atá muidne tofa, tuigfimid go mbeimid sa Dáil ar feadh tréimhse de cúig bliana, ar a mhéad. Ní cuirtear leis sin ach más gá. Má theipeann an Rialtas is féidir muidne a chur faoi bhráid an phobail arís. I gcás an údaráis, an rud a bhí ann roimhe seo ná go mbeadh an údarás ann, agus bord an údaráis, ar feadh tréimhse nach bhfuil níos lú ná ceithre bliana, nó níos mó ná cúig bliana go leith. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Bille atáá fhógairt ag an Rialtas, ach níl a fhios agam an dtiocfaidh sé amach i gceann bliana, i gceann dhá bhliain nó i gceann trí bliana. Ní Bille beag a bheidh i gceist. Bille cuíosach suntasach a bheidh ann. Tá súil agam go mbeidh sé fite fuaite leis an straitéis teanga agus go mbeidh an chumhacht ag an údarás tabhairt faoi gnéithe oiriúnacha na straitéise. Níl mé chun plé iomlán a dhéanamh ar an straitéis, ar an Ghaeilge nó ar tarrtháil na Gaeilge.

Tugadh feidhmeanna cuíosach suntasach don údarás nuair a chuireadh ar bun é sa chéad dul síos. Tá mé ag caint mar duine atá ina chónaí sa chathair. Tríd is tríd, tá taréis éirí cuíosach maith leis an údarás ó thaobh roinnt de na feidhmeanna a bhí ag an údarás, postanna a chruthú agus monarchana agus comhlachtaí a mhealladh isteach i gceantracha Gaeltachta. Chomh maith le sin, bhí obair eile leagtha síos. Níl a fhois agam cé chomh mahith is a d'éirigh leis an údarás, ó thaobh caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh meán cumarsáide na Gaeltachta a spreagadh. Níl a fhios agam ar bhain baill an údaráis é sin amach, mar an phríomhaidhm a bhí liostaithe ag an údarás. Tá a fhios agam gur dhein an údarás obair. Tá súil agam nach dtógfar an aidhm sin ón údarás, nó pé struchtúr a chuirfear sa tsiúl, amach anseo.

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an toradh a bheidh ar an leasú seo dá nglacfaíé. Ní hamháin go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta againn, ach freisin beimid in ann an bord nua an údaráis a scoir aon am is mian leis an Aire taréis bliain amháin. Má tá moill ar an reachtaíocht atáá chur le chéile faoi láthair, ar fáth amháin nó fáth eile, beidh an Rialtas in ann bord an údaráis a fhágaint sa tsiúl ar feadh tréimhse suas go dtí cúig bliana go leith. Tá súil agam nach mbeidh an gá sin ann, ach ní fios go mbeidh. B'fhéidir go mbeidh olltoghchán againn agus beidh gach rud ina chíréib agus ina chac ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh. Níl a fhois againn. Tá mé ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh rud éigin agus, ar a laghad, muna dtarlaíonn an reachtaíocht sin, go mbeidh údarás ann leis na mbunfeidhmeanna atá ag an údarás faoi láthair. Mar atá léite amach agam cheana féin, tá sé mar phríomhfheidhm ag an údarás an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathnú. Tá ról reatha an údaráis - an Ghaeilge a chur chun cinn - leagtha amach sa straitéis cheana féin. Más gá an struchtúr a choinneáil mar atá sé ar feadh tréimhse beag eile, ba chóir dúinn é sin a dhéanamh.

Níl mé ag iarraidh moill a chur ar an Teach agus muid ag déileáil leis an leasú beag seo, ach ba mhaith liom pointe eile a dhéanamh. Tá sé luaite ag daoine eile go bhfuil eagla ar an Rialtas dul os comhair an phobail agus is fíor sin. Tá seasamh Páirtí an Lucht Oibre ar an gceist seo ait. Cheap mé go mbeidís ag iarraidh brú a chur ar an Rialtas dul os comhair an phobail in aon toghchán - na trí fothoghcháin, toghchán Údarás na Gaeltachta nó olltoghchán. Ba chóir go mbeadh na fothoghcháin tarluithe cheana féin. Is trua é nach bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt tacaíocht dos na páirtithe Freasúra eile agus muid ag cur i gcoinne an reachtaíocht seo. Tá fadhbanna ollmhóra na tíre le thabhairt faoi ndeara sna ceantracha Gaeltachta freisin. Tá mé ag caint faoi fadhbanna fostaíochta, infreastruchtúra, dífhostaíochta, turasóireachta agus, anois agus arís, imirce. Tuigeann éinne a thógadh sa Ghaeltacht, nó a chaith aon tréimse fada sa Ghaeltacht, conas mar a buaileadh na ceantracha sin go dona maidir le imirce. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh údarás nua in ann déileáil leis na ceisteanna atá le freagairt. Ba chóir go mbeadh bord nua, le sainordú nua, tofa ar feadh tréimhse éigin, ionas go mbeidh sé in ann tabhairt faoi na ceisteanna sin. Molaim go mbeadh an tréimhse sin bliain ar a laghad, ach d'fhéadfadh sí a bheith suas go dtí cúig bliana go leith muna bhfuil an reachtaíocht nua i réim níos luaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.