Dáil debates

Wednesday, 16 December 2009

 

Caiteachas Poiblí.

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá an Teachta ag aontú liom go hiomlán. Táim ag rá do bhíodh an tÚdarás ag déanamh miondeontais agus mórdheontais. Táim ag rá sa chuid is mó go mba cheart na miondeontais a fhágáil faoi MFG agus na mórdheontais do na mórthionscal a fhágáil faoin Údarás. Tagann an t-airgead tríd mo Roinn. Má tá an comhoibriú sin ann agus an comhtháthú sin ann, táim cinnte go n-éireoidh linn na tograí tábhachtach móra a cheadú an bhliain seo chugainn agus a chur i gcrích.

Rud eile ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta ná nuair a cheadaítear deontas, abairimís i lár bliana, an ghnáth rud a deireadh an t-Údarás ná go dtiteann b'fhéidir 10% den chaiteachas san bhliain reatha agus an chuid eile sna blianta amach anseo mar go mbíonn moill idir cheadú deontais agus tarraingt anuas an deontais.

Le bainistiú maith táim cinnte go mbeidh bliain rathúil ag an Údarás. Ní bheidh sí éasca agus beidh comhoibriú iomlán le fáíl agam ón Údarás. Mar is eol don Teachta, is iomaí uair a dúradh nach n-éireodh leis an Údarás ach chruthaigh siad chuile dhuine mícheart go minic.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.