Dáil debates
Wednesday, 4 November 2009
National Asset Management Agency Bill 2009: Report Stage
11:00 am
Brian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Ní saineolaí mé ach oiread. De réir an chomhairle atá faighte agam ón Ard-Aighne, tugann an téacs Béarla an leagan cheart d'ainm an Bhille i mBéarla. Is é sin an iomlán atáá dhéanamh againn in Alt 1. Dá bhrí sin, ní ghlacaim leis an leasú atá molta ag an Teachta Morgan. Tá sé de nós againn an ainm Bhéarla a úsáid san Alt sin i ngach Bille. Sa téacs Ghaeilge den Bhille, a fhoilsóidh an Roinn chomh luath agus is féidir, beidh ainm an Bhille i nGaeilge. Cé nach bhfuil mé i mo shaineolaí mé sa chás seo, aontaím leis an Teachta Ó hUigínn go bhfuil an teideal casta go leor.
No comments