Dáil debates
Wednesday, 4 November 2009
National Asset Management Agency Bill 2009: Report Stage
11:00 am
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Maidir le leasú Uimh. 1, tá sé tábhachtach go mbeadh leagan Gaeilge den Bhille ar fáil. Tuigim go bhfuil brú mór ar an Roinn Airgeadais. Tá sé geallta ag an Aire Airgeadais go mbeidh leagan iomlán Gaelige ar fáil. Tá sé intuigthe go bhfuil sé sin tábhachtach. Tá brú mór ar úsáid na Gaeilge, agus ar an Roinn Gaeltachta féin, ag an bpointe seo. Tá sé tábhachtach go mbeimid i ndáiríre faoin teanga. Tá mé sásta glacadh leis go bhfuil stró ag baint leis an leagan Gaeilge a chuir ar fáil taobh istigh de gearrthréimhse. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go mbeadh an Aire agus an Roinn i ndáiríre maidir le leagan iomlán Gaeilge, leis na leasuithe ar fad, a sholáthar chomh luath agus is féidir. Ceapaim go bhfuil usáid aisteach den focal "fán" i dteideal an Bille - "An Bille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009" - neamhchoitianta. Cé nach saineolaí mé ar an gné seo den ábhar, molaim gur fiú dúinn smaoineamh a dhéanamh air.
No comments