Dáil debates

Wednesday, 11 March 2009

11:00 am

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)

Is léir ón méid atá ráite ag an Taoiseach nach bhfuil an clár Rialtais beo faoi láthair agus nach féidir linn na bearta a bhí ann a chreidiúint anois. Ardaítear dhá fhadhb dá bharr sin. Tá an clár Rialtais tábhachtach mar is é sin an conradh idir na páirithe sa Rialtas. Níl a fhios againn anois cad é go díreach an conradh idir na páirithe sin ós rud é nach féidir iontaoibh a bheith againn as an chlár Rialtais. Ní féidir linn bheith ag súil le freagracht ón Rialtas nuair nach bhfuil clár Rialtais ann mar bhunús don fhreagracht sin.

Bhí an clár Rialtais bunaithe ar mhéadú 4.5% sa gheilleagar le linn saol an Rialtais ach is léir nach mbeidh an ráta sin ann. Cén figiúr a bhfuil an Rialtas ag obair air faoi láthair? Is dócha gur figiúr laghdaithe atá i gceist anois.

Baineann beart amháin sa chlár Rialtais le cúrsaí cánach. Mar a deir sé sa chlár: "Our first priority remains low and middle income earners — therefore our first task will be to use tax credits and bands to keep low income earners out of the standard rate band and average earners out of the higher band." An bhfuil sin mar pholasaí don Rialtas fós agus an mbeidh an polasaí sin mar bhunús don cháinfhaisnéis nua?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.