Dáil debates

Tuesday, 10 March 2009

2:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Dúirt an Rialtas i ráiteas a chur sé amach le déanaí go mbeadh na hathruithe atá le déanamh leagtha amach i bplean trí bhliana, atá fós le bheith curtha os ár gcomhair. Tá a fhios ag an Taoiseach go bhfuil an Rialtas chun buiséad nua a thógaint isteach go luath, ar an mbonn gur tharla rudaí áirithe le déanaí. An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas plean a leagadh amach le haghaidh na trí bhliana atá amach romhainn ó thaobh cursaí eacnamaíochta na tíre? Ba cheart go mbeadh a fhios ag gach éinne agus gach eagras go bhfuil plean, ó thaobh an caiteachas náisiúnta de, leagtha amach le haghaidh na trí bhliana atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.