Dáil debates

Tuesday, 10 March 2009

2:30 pm

Photo of Brian CowenBrian Cowen (Laois-Offaly, Fianna Fail)

Tá sé i gceist agam go mbeidh na seirbhísí phoiblí níos éifeachtaí, go gcaithfí an airgead atá ar fáil chun seirbhísí phoiblí a chur os comhair na ndaoine chomh éifeachtach agus is féidir agus go ndéanfaí athruithe sna heagraíochtaí éagsula. Ní bheidh na teorainn céanna, a bhaineann leis na heagraíochtaí éagsúla atá sé mar chúram acu seirbhísí poiblí a chur ar fáil do dhaoine ar fud na tíre, i gceist as seo amach. Luaigh mé a lán initiatives, ar nós better value for money in public procurement, value for money in policy reviews, measures in managing the performance of people and organisations, better use of information, e-Government and shared services, better management of the public service and the whole question of implementation and accountability for transformation of public services, sa fhreagra a thug mé níos luaithe. Tá a lán obair á dhéanamh againn. Tá sé riachtanach go gcomhlíonfaí na hathruithe atá i gceist againn sa tréimhse atá luaite sa tuarascáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.